• Eng
  • Ga
  • Home
  • About Us
    • About Aistriu
    • Project Team
    • Project Partners
    • Call for translators
    • Artist Commissions
  • Texts
  • Translators
  • Blog
  • Contact

Suíomh idirlín nua don aistriú litríochta Gaeilge

  1. Home
  2. Suíomh idirlín nua don aistriú litríochta Gaeilge

Suíomh idirlín nua don aistriú litríochta Gaeilge

08.06.2020 0 comments

Posted By

john

www.aistriulitriochta.ie

 

Bunachar na saothar aistriúcháin a rinneadh agus a dhéanfar go Gaeilge agus ón nGaeilge atá sa suíomh seo go príomha. Agus breis agus 1600 saothar sa bhunachar cheana féin, feictear a bhisiúla a bhí agus atá an t-aistriú litríochta sa Ghaeilge. Áis iontach a bheidh ann do dhaoine le Gaeilge ar mian leo a fháil amach an bhfuil a rogha leabhair le fáil i nGaeilge, nó don aistritheoir ar mian leis nó léi saothar a aistriú ar ar mhaith leis nó léi a fháil amach ar tugadh faoi cheana féin nó an bhfuil duine eile ag obair air, nó don taighdeoir a bheadh ag iarraidh taighde a dhéanamh ar ilghnéitheacht an aistriúcháin litríochta.

 

Chomh maith leis an mbunachar, tarraingeofar le chéile léirmheasanna a rinneadh ar shaothair aistriúcháin mar ábhar spéise agus mar threoir do léitheoirí. 

 

Beidh deis ag aistritheoirí, freisin, blaiseadh de shathaor atá idir lámha acu a chur ar fáil d'fhonn spéis a chothú, aiseolas a lorg nó poiblíocht a dhéanamh.

 

Foilseofar an nuacht is déanaí i saol an aistriúcháin litríochta Ghaeilge, chomh maith.

 

Tá súil againn go gcothófar pobal bisiúil aistritheoirí agus léitheoirí, go spreagfar daoine tabhairt faoi shaothar litríochta a chur ar fáil i nGaeilge, go ngríosfar daoine chun na saothair aistrithe a léamh agus go dtarraingeofar aird ar an obair iontach atá aistritheoirí litríochta a dhéanamh ar son na teanga.

 

- Foireann an togra (ó chlé): Kevin Scannell, Séamus Ó Coileáin, Seathrún Ó Tuairisg

john

john.caulfield@nuigalway.ie

#

Leave Comment

 

Search form

Archives

  • February 2015 (36)
  • March 2019 (3)
  • April 2019 (1)
  • May 2019 (54)
  • June 2019 (2)
  • August 2019 (10)
  • September 2019 (1)
  • October 2019 (2)
  • January 2020 (15)
  • February 2020 (2)
  • March 2020 (36)
  • April 2020 (26)
  • May 2020 (26)
  • June 2020 (11)
  • August 2020 (1)
  • October 2020 (1)
  • November 2020 (4)
  • December 2020 (5)
  • March 2021 (4)
  • July 2021 (1)
  • August 2021 (3)
  • January 2022 (1)

Popular Posts

  • January 11, 22

    Black Milk exhibition *finally* comes to Galway

  • November 12, 20

    Presidential Award for Mitsuko Ohno

  • November 03, 20

    Translating the Neighbourhood

ABOUT NUI GALWAY

Founded in 1845, we've been inspiring students for 170 years. NUI Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching.

Harp Logo Athena Swan Bronze Award

CONTACT

National University of Ireland
Galway, 
University Road,
Galway, Ireland
H91 TK33
T. +353 91 524411

Stay informed on our latest news!

©2018 National University of Ireland, Galway. All Rights Reserved.