• Eng
  • Ga
  • BAILE
  • Fúinn
    • Faoi Aistriu
    • Foireann an Tionscadail
    • Comhpháirtithe Tionscadail
    • Glaoch ar Aistriúcháin
    • Coimisiúin Ealaíontóra
  • Téacsanna
  • Aistritheoirí
  • Blag
  • Teagmháil

Suíomh idirlín nua don aistriú litríochta Gaeilge

  1. Home
  2. Suíomh idirlín nua don aistriú litríochta Gaeilge

Suíomh idirlín nua don aistriú litríochta Gaeilge

08.06.2020 0 comments

Posted By

john

www.aistriulitriochta.ie

 

Bunachar na saothar aistriúcháin a rinneadh agus a dhéanfar go Gaeilge agus ón nGaeilge atá sa suíomh seo go príomha. Agus breis agus 1600 saothar sa bhunachar cheana féin, feictear a bhisiúla a bhí agus atá an t-aistriú litríochta sa Ghaeilge. Áis iontach a bheidh ann do dhaoine le Gaeilge ar mian leo a fháil amach an bhfuil a rogha leabhair le fáil i nGaeilge, nó don aistritheoir ar mian leis nó léi saothar a aistriú ar ar mhaith leis nó léi a fháil amach ar tugadh faoi cheana féin nó an bhfuil duine eile ag obair air, nó don taighdeoir a bheadh ag iarraidh taighde a dhéanamh ar ilghnéitheacht an aistriúcháin litríochta.

 

Chomh maith leis an mbunachar, tarraingeofar le chéile léirmheasanna a rinneadh ar shaothair aistriúcháin mar ábhar spéise agus mar threoir do léitheoirí. 

 

Beidh deis ag aistritheoirí, freisin, blaiseadh de shathaor atá idir lámha acu a chur ar fáil d'fhonn spéis a chothú, aiseolas a lorg nó poiblíocht a dhéanamh.

 

Foilseofar an nuacht is déanaí i saol an aistriúcháin litríochta Ghaeilge, chomh maith.

 

Tá súil againn go gcothófar pobal bisiúil aistritheoirí agus léitheoirí, go spreagfar daoine tabhairt faoi shaothar litríochta a chur ar fáil i nGaeilge, go ngríosfar daoine chun na saothair aistrithe a léamh agus go dtarraingeofar aird ar an obair iontach atá aistritheoirí litríochta a dhéanamh ar son na teanga.

 

- Foireann an togra (ó chlé): Kevin Scannell, Séamus Ó Coileáin, Seathrún Ó Tuairisg

john

john.caulfield@nuigalway.ie

#

Leave Comment

 

Search form

Archives

  • Feabhra 2015 (36)
  • Márta 2019 (3)
  • Aibreán 2019 (1)
  • Bealtaine 2019 (54)
  • Meitheamh 2019 (2)
  • Lúnasa 2019 (10)
  • Meán Fómhair 2019 (1)
  • Deireadh Fómhair 2019 (2)
  • Eanáir 2020 (15)
  • Feabhra 2020 (2)
  • Márta 2020 (36)
  • Aibreán 2020 (26)
  • Bealtaine 2020 (26)
  • Meitheamh 2020 (11)
  • Lúnasa 2020 (1)
  • Deireadh Fómhair 2020 (1)
  • Samhain 2020 (4)
  • Nollaig 2020 (5)
  • Márta 2021 (4)

Popular Posts

  • Samhain 12, 20

    Presidential Award for Mitsuko Ohno

  • Samhain 03, 20

    Translating the Neighbourhood

  • Lúnasa 17, 20

    Galway 2020 programme reimagined

EOLAS FAOI OLLSCOIL NA HÉIREANN, GAILLIMH

Bunaíodh i 1845 muid, agus tá mic léinn á spreagadh againn le 170 bliain. Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil.

 

Harp Logo Athena Swan Bronze Award

TEAGMHÁIL

Ollscoil na hÉireann Gaillimh,
Bóthar na hOllscoile,
Gaillimh,
Éire
H91 TK33
T. +353 91 5244

AN OLLSCOIL AR AN MAPASEOL RÍOMHPHOST CHUGAINN

 

NASC

Stay informed on our latest news!

©2018 National University of Ireland, Galway. All Rights Reserved.