Ar shráideanna naofa
Chathair na dTreabh
mar a bhfuair Cromail,
de réir an tseanchais,
lóistín dá chapall i sanctóir eaglaise,
tá boladh spíosraí san aer
a chuirfeadh faobhar
ar ghoile Céile Dé.
Tá port feadóige ag séideadh
as bolg an tseanbhaile,
anáil na staire isteach
tré fhallaí fuara
dheisceart Chonamara.
I lár an aonaigh
lena súile bó, tá bean
ón Rúmáin ina suí le geata
meánaoiseach an tséipéil,
cárta mór faoina muineál
mar a bheadh peaca marfach
á admháil aici i láthair na bhfíréan.
Ladies and gentlemen...
a deir an pheannaireacht chaol,
is ní scoithfí níos tapúla í
dá nochtfadh sí cíoch
nó géag theasctha.
Ladies and gentlemen... please.
Tá an cupa polystyrene os a comhair
ag cur thar maoil le dea-mhéin
an Aire Dlí agus Cirt (sic),
a goile ag ceol le hocras.