Máirtín Ó Cadhain (1948). This short story conveys the repressed emotions of a mother who realises that she will probably never see her emigrating daughter again. Translated by Eoghan Ó Tuairisc as 'The Year 1912' (1981).

‘An trunc.’

Ainneoin a réchúisí agus a dúirt an mháthair an focal, bhí dubh na fríde den bhundún lena aithneachtáil ar a glór. Ní ghabhfadh sí don Ghealchathair ag ceannach an trunc, seachtain go Satharn seo a chuaigh thart, in éindigh lena hiníon. Ná níor lú dar léi an sioc ná an stiúir a bhí air ar feadh na seachtaine, gróigthe mar bheadh íol adhartha ann ar dhroim chomhra na cisteanaí, agus spraoi an domhain ag na páistí á oscailt, á dhúnadh agus á dhearcadh. Ní bhfaigheadh sí ina claonta a dhul ag cur múisiaim ar an iníon an tseachtain deiridh. Murach sin bheadh sé craptha siar sa seomra agus isteach faoin leaba aici ó thús. Ach má bhí oiread eile d’fhonn ar an iníon an ball éadálach sin a bheith go feiceálach i bhfianaise na cóisreach a bhí cruinn anocht, rinne an mháthair an rud ba bhreá léi féin i dtús na hoíche, ó tharla go raibh contúirt bhriste nó lioctha ar an trunc san áit a raibh sé. Ba bhall dóite, ba cholm bolgaí ar scéimh a saoil é a fheiceáil anocht go háirid, ó b’annamh léi oíche chroídhílis a bheith faoi chaolacha a tí. Ní raibh ina dheiseacht agus ina fhóint uile go léir ach ciméara draíochta le céadcheap a broinne agus fios fátha a saoil a fhuadach uaithi, go díreach agus an t-ól, an mheanma, an ceol agus an siamsa ag dul go barr bachall. Seacht seachtaine ó shin, sular tháinig an phaisinéireacht, bhí sise chomh beophianta ag fuireacht léi is a bhí Máirín. Níor chuid iontais léi a hiníon féin ag dul go Meiriceá ach an oiread leis an ochtar deirfiúr arbh é a géarchuimhne cuid acu a imeacht ann. Idir ord agus inneoin an tsaoil múineadh dise lena croí a cheansú agus a gean máthartha a chriogadh i ngreim scóige mar a bhí ag Éabha a dhéanamh le nathair na hAithne. An phaisinéireacht a chuir an chríonach trí lasadh arís. Agus mar bheadh teangacha feasa ann ó chéadfaí scoite, bhí lasracha as dóiteán a croí ag goradh chiall agus réasún a hintinne agus ag ligean feasa léi go mba mheasa an imirce ná creachadh teampaill agus ná bánú tíre... Ach ní raibh cluas bhodhar le tabhairt do stoc na cinniúna ní b’fhaide. Bhí an lá gealta. Patch Thomáis imithe faoi choinne an jaunt. Mire scréacha tar éis a theacht sa siamsa thíos sa gcisteanach bheag phlúchta, mar bheadh fuíoll air cine a raibh an díobhadh i ndán dóibh lá arna mháireach ag cur barr drabhláis driopásach dheireadh oíche ar a mbigil ollghardais. Níorbh fholáir do Mháirín a bheith ag téisclim...

Bhí coinneal leathphingine ar choimhrín le balla an tseomra agus smál uirthi de bharr an gheoladh gaoithe a bhí isteach faoi chorr an pháipéir ar phlána briste na fuinneoige. Bhí doimhneacht, draíocht agus diamhaireacht duibheagáin dhochuimsithe sa mbleánach sholais a bhí eitealadh na coinnle a thál ar chnapáin phráis an trunc. Níorbh ar an toirt a ďfhéad an mháthair cuimhniú cá bhfaca sí cheana gné bhuíochta chaillte an adhmaid: snua coirp tar éis tórraimh fhada aimsir mheirbh. Agus ní ligfeadh an col di breathnú isteach sa trunc sin anois ach an oiread is a ligfeadh féachaint ar chorp i gcónra, tar éis gur thug sí obainn ar sin a dhéanamh go minic.

‘Bhfuil chuile shórt a’d?’ a deir sí leis an iníon, gan ligean dá súile lonnú ar an solas. Bhí gach uile shórt ann: caorán móna, sceallóg den tinteán, dlaíocha gruaige, mogall seamróige, ainneoin gurbh é an fómhar a bhí ann, stocaí glas caorach, glac dhuilisc, balcaisí éadaigh agus páipéir a bhain leis an iomlacht anonn. Thóg an iníon a bróga, a cóta, a hata agus a gúna amach as an trunc agus leag sí ar an gcoimhrín iad lena gcur uirthi. Le seachtain, ba mhinic uirthi iad sa ngeadán céanna, ach níor thaobhaigh an mháthair riamh í agus chuaigh sí go bog agus go crua uirthi i dtús oíche anocht gan a gcur uirthi go maidin.

Dhún an mháthair an trunc arís, agus chaith sí súsa na leapa anuas air ‘lena choinneáil glan’. B’fhada faitíos uirthi, ach a mbeadh an iníon in éadaí Mheiriceá, go mbeadh an coimhthíos céanna aici léi a bhí leis an trunc. Bhí Máirín ina boinn agus í nochta, cé is moite de léinteog fhada gheal a bhfuair sí tiaráil mhór uaithi á deisiú uirthi ard-tráthnóna agus nach raibh aon rún aici a baint di arís go mbeadh sí in áras duine mhuintearaigh ar an talamh thall. Lena feiceáil mar sin, ba gheall le brionglóid óna hintinn féin í: an t-aon bhrionglóid a raibh a céadsnua scéimhiúil buan fós. Brionglóid go mba chruth di goltraí bhinn Chrann na Beatha, go mba dhealramh snua meangach Úll na hAithne: céadiompar agus céadabhras máthar. Bhí an iomad rud ar bharr a goib aici le rá léi: na rudaí teanntásacha ceanúla a bhíos i dtaisce i gcroí máthar, mar bheadh bradán a beatha ann, ón uair a n-airíonn sí gin bheo faoina broinn nó go bplúchann an lóchrann síoraí smearsholas an tsaoil.

Le mí anuas, is iomaí rud a dúirt sí leis an iníon ina sceidíní i bhfad ó chéile... Nár mhiste léi dá n-imíodh a raibh sa teach ach Máirín fanacht... go n-aireodh an teach í, ach í féin go háirid... go mba í an duine ba lú a bhfuair sí anró uaidh de na páistí í... go mb’ait í in aice tí. Ach ní raibh iontu sin ach an screamhóg mhullaigh. Bhí sí mar bheadh bean choimhdeachta ann a scorfaí an bráisléad a bhí sí a chur faoi bhráid na banríona agus a mbeadh a cuid liaga lómhara scaipthe anonn agus anall, i gcontúirt a dtaltaithe agus a millte. Ba gheall le neach naimhdeach di a bheadh ag scagadh a cuid cainte agus ag cur treampán uirthi an rosc a chur di a mhaolódh docht a croí. Bhí a fhios aici nach raibh aon ghair aici go héag na rudaí a bhí ar a hintinn a rá i litir a mbeadh sí i dtuilleamaí duine eile faoina scríobh agus i dteanga a raibh a féith agus a cuisle ní ba choimhthí di ná féith agus cuisle Shíogaí na Bruíne. Drochshop críon in áit scuaibe beo an bhéil agus na súl agus na gceannaithe a bhí i litir. Thraoithfeadh agus théachtfadh fuarlach na hintinne agus rabharta an chroí sa scríbhneoireacht dhoicheallach.

Agus níor mhóide di Máirín a fheiceáil go ceann fada fada. Bheadh a paisinéireacht lena íoc aici. Ansin paisinéireacht duine nó beirt den chlann, i dteannta riar a chur abhaile. B’fhéidir go mba thúisce a d’fheicfeadh an páiste a bhí faoina broinn í ná í féin. An dá mhar a chéile a bhí sa gcóta Meiriceá agus sna taiséadaí go hiondúil. Ní raibh sa ‘céad slán di’ a déarfaí feasta, agus daoine ag caintiú ina hainm uirthi, ach taobh bun os cionn de ‘bheannacht Dé lena hanam’. Ba mhinic páistí ag déanamh cíor thuathail den dá leagan sin. Agus an tráth a gclaochlaíodh an ‘céad slán’ ina ‘bheannacht Dé’ dáiríre, ba chlaochlú gan chóiríocht gan chróchar, gan chás gan chaoineadh é. Na taiséadaí féin ní bheadh ag máthair sa mbaile lena mbaint as a bhfilleadh anois agus arís mar réidhe an achair dá brón, ná ainm agus sloinne ní bheadh ar réchláirín i gcill cois Caoláire do na glúine a thiocfadh. Scríobfadh an t-iomlacht – an domhnaíocht seiscinne fuaire sin – an t-ainm de ghinealach an chine. Mar na géabha fiáine a bheadh a himeacht.

Ach cé go raibh na smaointe sin mar thaos nimhe in intinn na máthar, ní ligfeadh sí lena hais nach bhfeicfeadh sí go deo an iníon. Bhí a ciall agus a réasún ag inseacht di nach bhfeicfeadh agus a croí, a dóchas agus a misneach ag rá a mhalairte. Agus ba dá croí a thug sí cluas. Ach bhí a fhios aici ach a bhfeiceadh go mba bheag ab ionann í is an gearrchaile sóntach, tíriúil a bhí anois in aois a naoi déag, agus gile a dealraimh fearacht snua gréine maidine ar mhala cnoic i dTír Tairngire. Bheadh domlas ar a béal ó chaora Chrann an Mhaith agus an Oilc. Bheadh easóg dhorcha na gangaide ina croí. Nathair shleamhain na céille ceannaithe ag snámh ina hintinn. Faghairt na cruach fuaire ina ceannaghaidh. Canúint ar a cuid cainte, ar nós fuíoll díoltais leasmháthar. Mar sin a bhí na Poncáin uilig. Níor mhór di í féin a fhoilsiú di anois, mar d’fhoilsíodh máthair amhais na huachaise í féin dá clann san am go mba chúrsaí báis agus martraithe gach geábh dá dtugtaí ag sireoireacht bídh. Í féin a fhoilsiú di chúns nach mba dhíol magaidh léi fós a cuid seanórtais agus aineolais féin agus nach raibh díchreideamh ná dochreideamh na hiníne ina bhádhún idir a dhá n-intinn...

I ndar léi féin, ní raibh tionscailt ar bith ab fhearr ná an t-airgead. Tharraing sí sparán éadaigh as a brollach, bhain sí as a mbeadh de mhionairgead ag teastáil ón iníon sa nGealchathair, agus ansin shín sí chuici é. Chuir an iníon an sparán faoina muineál agus dheasaigh sí go maith ina brollach faoin scaball é. ‘Fainic anois, a leanbh, nach dtabharfá aire mhaith dó,’ a deir an mháthair. ‘Ní móide go dteastódh sé chor ar bith uait, ach mura n-éirí obair leat go tráthúil ba mhór an ní duit a bheith i gcleithiúnas aint Nóra agus an mhuirín atá uirthi féin. Coinnigh an súsa deasaithe i do thimpeall go maith ar an soitheach. Ná taobhaigh aon duine mura i ndán is go mbeidh duine aitheantais ann go díreach. Beidh leat ach a sroichfidh tú chomh fada le tigh Nóra. Má chaitheann tú pá bheag féin a thógáil, ná cuir thar d’fhulaingt thú féin ag obair... Tabharfaidh tú cuairt abhaile faoi cheann chúig bliana. Bhuel, deich mbliana ar a fhad... Ní féidir duit nó beidh pingneacha beaga agat an uair sin... Mo...’

Tháinig a cuid spleodair léi ar sheol na braiche go dtí sin. Ach ar an dá luath is ar shíl sí an screamhóg mhullaigh a bhriseadh níor fhan focal den chaint aici; ach staidhce a dhéanamh ag féachaint ar a hiníon. A lámha ag sméaracht le cruinniúchaí a naprúin. Luisne a raibh an gáire agus an gol ina lánúin léanmhar inti ina grua. Leathleiceann léi ní b’fhaide ná an leiceann eile i gcosúlacht. Roic chrotacha ag cruthú go hanróiteach ina baithis, mar bheadh eochracha ann ag coraíocht le glas. Bhí an iníon i ndáil le réitithe anois agus ďfhiafraigh sí cá raibh na pingneacha beaga a theastódh uaithi sa nGealchathair?’ Leis an ruibh chainte a bhí ar an máthair roimhe sin níor lig an dearmad di an spaigín a fháil agus a gcur ann. Ar iontú thart di anois le dhul ina choinne bhuail an oiread anbhá í agus nár chuimhnigh sí go raibh an t-airgead i gcúl a glaice nó gur thit sé uaithi ina sprus ar fud an urláir. Ba é an rún a bhí ag an máthair ó thús fuireacht go dtagadh déantús ceart cainte ina teanga; ansin an mionairgead seo a sheachadadh dá hiníon mar thoirbhirt naofa, í a phógadh agus a dheornadh... Ina leaba sin coilleadh a Soitheach Naofa as a láimh...

Ag cur spaigín an airgid i bpóca a cóta di, mhothaigh an iníon clúdach litreach ann. ‘Dlaoi de do chuid gruaigese, a mhama,’ arsa sise. ‘Shíl mé gur chuir mé sa trunc í in éindigh leis an gcuid eile. Chuir sí an dlaoi dhubh idir í agus an choinneal agus thláthaigh a dhá súil ghorma nó go raibh siad mar shúile páiste. Tháinig fonn uirthi rud eicínt a rá lena máthair ach ní raibh a fhios aici go barainneach cén rud. Bhí a cuid smaointe ag sméaracht fúthu agus tharstu mar bheadh aineolaí ar eanach caochphollach oíche dhubh. Níor mhór don bheirt a bhelth ar aon leaba, an solas a bheith múchta, agus ga gealaí isteach tríd an bhfuinneoigín mar bheadh maide milis ann leis an teanga a bhealú. Breathnaigh sí idir an dá shúil ar an máthair, féachaint an bhfaigheadh sí ugach ar bith uaithi, ach níorbh fheasach di go raibh a máthair mar bheadh cnoc ann a mbeadh tormach chéatach ina chrioslaigh, tar éis nach raibh an tine in ann aon scolb a chur ar a fhorscreamhóg thinn theangmháilte...

Chuir an iníon an cóta scagach scanraithe agus an hata caisealmhór uirthi. Ba chuid de na cóirithe catha, dar léi, seal fada a chaitheamh ag deisiú agus ag athdheisiú an hata, ainneoin nach raibh goic áirid ar bith ba mhian léi a chur air. Níor chuimhnigh sí riamh nár bharr slaicht uirthi a mhéad agus a chrotaí is a bhí a chaiseal, ná go raibh buí a bróg, dubh a hata agus rua a cóta fearacht tríonóide mallaithe datha a bheadh ar thí scéimhe a ceannaghaidh ghil snuaúil. Ach bhí sí faoi réir: hata agus cóta agus bróga ísle agus láimhainní lady uirthi - le fanacht uirthi níos mó. Bhuail an oiread coimhthís agus iontais í is a bhuailfeadh féileacán ar mhothachtáil dó an chéad uair go raibh sé tar éis géaga craiplithe an spigneanta a sceitheadh agus go raibh fairsinge dhochoimsithe dho-bhacainneach an aeir inseolta aige lena chuid sciathán scolbánta. Mhothaigh sí ina cheann sin páirt d’aeraíl agus ďuabhar an fhéileacáin...

Nó go raibh an glas ar an trunc níor chuimhnigh an mháthair nár chuir sí aon cheo de mhaith na circe ann, ná i mbalcaisí na hiníne ach an oiread. Ach ní iarrfadh sí a dhul ag baint an ghlais de anois ar bhás an domhain. Dá dtosaíodh a hiníon ag séideadh fúithi nó ag samhailt pisreog léi an mhaidin sin, ba bheag é a hacmhainn thar is riamh. Chroith sí scaird uisce choisricthe uirthi agus an fhad agus a bhí sí ag cur an chleite sa mbuidéal arís bhí an iníon imithe síos go lúcháireach ar lom an urláir lena culaith Mheiriceá a thabhairt le taispeánadh.

Ní raibh an jaunt ar fáil fós. Bhí gleadhradh damhsa ann agus Tom Neile de ghuth phóitiúil ag gabháil 'An Triúr Mac’ sa doras dúnta, ainneoin go raibh sé ag plúchadh аn сheoil:

‘Is iomaí forrá-á-nach breá-á-á lúfar láidir

A théanns thar sá-á-á-á-á-ile a’s nach bhfilleann choí-í-chin.’

‘Déan go réidh leat féin,’ arsa an mháthair le Tom. Ach thabharfadh sí cuid mhaith ar an ala sin da mbeadh fonn aici mar a bhí ag Tom, leis an ualach a bhí ar a croí a chur amach de ina shile cheoil. Bhí na gearrchailí cruinnithe timpeall ar an iníon arís, ag fáil caidéise dá feisteas, ainneoin go bhfaca siad é go minic le seachtain. Ní raibh gair ag an máthair í a thaobhachtáil acu. Dar léi, ba bheag acu ding a chur sa nádúr, nárbh éagóraí de mhórán ná é an ding a bhí an tseiscinn mhór fhuar a chur ann. Ag ceiliúr faoi Mheiriceá a bhí na mná óga. Ag ceiliúr faoin saol a bheadh acu abail a chéile ar fad i South Boston go gairid, mar ba dhual do chine arbh é trunc Mheiriceá a n-aingeal coimhdeachta, arbh í an long imirce a réalt eolais agus arbh í an Fharraige Mhór a Muir Rua. Mheabhraigh Bidín Johnny di iarraidh ar a col ceathrar dlús a chur lena paisinéireacht. Dúirt Judeen Sheáin, ar a bhfaca sí riamh, a inseacht do Liam Pheige faoin spraoi a bhí ar thórramh shean-Cháit Thaidhg.

'Seachain nach n-inseá do Sheán se' a’inne go bhfuil Garraí an tSléibhe faoi fhataí arís i mbliana a’inn,’ a deir Sorcha Pháidín. ‘Dúirt sé ag imeacht dó nach dtiocfadh aon duine ar an gcine arís go deo ó d’imeodh sé féin a bhuailfeadh faoina chur, bhé sé chomh deacair sin.’

‘Abair le mo bhuachaillse, a Mháirín, gur gearr go mbí mé anonn chuige,’ a deir Nóra Phádraig Mhurcha de chogar a chuala na gearrchailí ar fad.

‘Dar príocaí, ní bheidh sé i bhfad go mbaine mise aithinneacha as leacacha South Boston,’ a deir scorach fionnrua ar chuir an t-ól ruibh na cainte air.

'Go bhfóire Dia ar an dream a chaithfeas fanacht sa mbaile,’ a deir sean-Séamas Ó Curráin.

Bhí an fuisce ag dul timpeall arís. ‘Ara seo, b’fhearr duit blaiseadh dó,’ a deir an fear roinnte – Peaitsín Shiubháine – agus bhí sé ag tónadh na gloine ar Mháirín, nó gur dhóirt sé steall de ar a cóta leis an gcreathadh a bhí ina láimh. ‘Ní dhéanfaidh lán do bhéil lá dochair duit. Maidin chrua í ar jaunt. Dheamhan is móide deoir phoitín a d’fheicfeá le do lá arís.’

Bhí meacan ina ghlór, arae bhí sé ag cuimhniú ar sheisear iníon leis féin a bhí ‘thall’ – duine acu le cúig bliana déag agus fiche – agus gan aon súil aige a bhfeiceáil go brách... ‘Ólfaidh mé féin mar sin í. Do shláinte agus go dtuga Dia slán go ceann cúrsa thú, a Mháirín.’

Ba bheag an lua ag Peaitsín – ná sa gcás sin ag aon duine dá raibh ar an gcóisir – cuimhniú ar ‘Go seola Dia abhaile arís í’ a chur d’agús sa méid sin. Faoi cheal an oiread sin d’fhios a labhartha a bheith orthu spréach an docht tine a bhí sa máthair.

‘Ní fheicfidh tú cúig bliana ó inniu go mbí sí abhaile arís,’ arsa sise go mosánach.

‘Go dtuga Dia di,’ a deir Peaitsín agus Seáinín Thomáis Choilm as béal a chéile.

‘Agus pósfaidh sí fear airgid agus fanfaidh sí inár mbail ar fad,’ a deir Citín, deirfiúr do mháthair Mháirín, go geal-gháireach.

‘Dheamhan mórán den rath a bheas agam in imeacht chúig bliana,’ a deir Máirín, ‘ach b fhéidir go bpósfá féin mé, a Sheáinín, gan pingin gan bonn.’

Ach bhí Seáinín faoi seo craptha leis siar go doras dúnta agus é ag stolladh cainte d’fhonn magadh na ngearrchailí a ligean thairis.

‘...Ná bíodh aon chanúint ort ar chuma ar bith,’ a deir buachaill óg de chol ceathrar léi, ‘agus ná bí ag guessáil fút agus tharat mar bhí Mícheáilín Éamainn nár chaith ann ach dhá mhí agus a tháinig abhaile trasna na ngarranta agus leathghine agus veist nua aige de bharr a aistir.’

‘Ná ag fiafraí “What’s that, mammy?” nuair a fheicfeas tú an mhuc.’

‘Cuirfidh tú mo phaisinéireacht chugamsa ar chuma ar bith,’ a deir Mairéad, an iníon ba ghaire do Mháirín agus splanc ag rince i mac eilmistín a súl.

‘Agus chugamsa,’ arsa Nóirín, an deirfiúr eile arís.

Ba deich mbliana de ghiorrúchan saoil ar an máthair dilleoireacht na beirte sin. Bhí na blianta moille dá gcarnú ar chuairt a hiníne, mar charnaítear na sluaisteoga créafóige ar chónra. Agus bhí lá cairde na cuairte sin ag féithiú uaithi siar – siar go Lá an Bhreithiúnais. Toradh a broinne féin ba naimhdí leis an máthair ar an ala sin.

Chuir sí Máirín ag ól tae an athuair, ainneoin nach raibh sí ach tar éis éirí uaidh go gairid roimhe sin. Ach theastaigh uaithi ligean a fháil uirthi aris. Níor mhór di arán a bhearnú, comaoineach sláin a dhéanamh agus caidreamh agus comhar teanntásach an tsuipéir dhéanaigh a shnaidhmeadh lena hiníon. Déarfadh sí léi gan frapa gan taca nár chreid sí go mba é an lón imeachta seo lón a báis chomh fada is a bhain sé leis an mbaile: go dtiocfadh Cáisc roimh an mbreithiúnas. Ach níor fágadh eatarthu féin é. Bhrúigh a deirfiúr Citín, a clann iníon agus cuid de na gearrchailí isteach chuig an mbord a bhí leis an mballa nó go raibh Máirín faoina mullóg féin acu gan mórán achair.

Ní raibh aon dúil i mbeatha ag an iníon. Bhí luisne na splaince ina ceannaghaidh: tnúthán, anbhá, iontas agus beophianadh a hintinne á n-ionchollú féin ina grua. An Ghealchathair an t-achar ab fhaide ó bhaile a bhí Máirín riamh. Ach ba sheanchas faoi Mheiriceá an chéad bhia sa sliogán di. Ba ghaire go fada do chomhlaí a tuisceana agus a samhlaíochta South Boston, Norwood, Butte Montana, Minnesota, nó California ná ná Baile Átha Cliath, Belfast, Wexford, ná go fiú is áiteacha nach raibh thar chupla míle ar thaobh an Achréidh den Ghealchathair. Fuineadh agus fáisceadh a saol agus a smaointe as cáil Mheiriceá, as saibhreas Mheiriceá, as siamsa Mheiriceá, as fonn cráite a dhul Meiriceá . . . Agus ainneoin go raibh cumha uirthi an baile a fhágáil anois, níor chumha é gan an gliondar, an dóchas agus an t-iontas a bheith ina orlaí tríd. Faoi dheireadh thiar bhí sí ar thairseach na Brúine Draíochta . . . Farraigí uafásacha, slata seoil, soilse greadhnacha, sráideanna ar dhath an airgid, daoine cróna a raibh loinnir an daoil ina gcneas, ag cur in éagruth cheana féin uirthi gort, sliabh, carraig agus caoláire.

Ní raibh ina hintinn ar feadh na hoíche ach cleitheog thaisce a dtoillfeadh uairleacháin chuileáilte a cuimhne inti, nó go bhfaigheadh sí ionú ar a dteilgean amach sa mbruth faoi thír feadh is í ag seoladh. De bharr chomh neamhairdiúil is a bhí sí anois thug sí cead í féin a chinnireacht amach ar lom an urláir ag damhsa, ainneoin go raibh sí i bhfeisteas Mheiriceá agus eile. Ach ní bhfaigheadh sí óna claonta Pádraigín Pháidín a eiteach ar aon chor. Chuir sí scrúdaí uirthi féin anois faoi gur fhág sí an fhad sin é gan é a thaobhachtáil. Bhí sí buille támáilte as tosach an damhsa, ach chuaigh fíor an cheoil – an ceol sin ar cuireadh comaoin air sa mbruíon féin – faoina cuisle; agus gan mórán achair ní raibh de shamhail aici ina gléas breac ballach ach os fuiliúil cuideáin a mbeadh miolghairí an tréada ag macnas ina timpeall le cur faoi deara di a gaisce agus a tréathra a thaispeáint, chúns a bheadh na fundúirí ina suí faoi gcuairt ag cur a gcomhairle i dteannta a chéile. Ag smaoineamh a bhí an mháthair ach a bhfeiceadh sí arís í go mbeadh eolas doscúch an tsaoil ina bhró mhuilinn ar an meanma dhamhsa sin. I leaba an reacht fola boirbe a thug do ligean a géag a bheith ar spéiriúlacht réalta, bheadh sceidín liathuisce na haoise agus céille ag greamú a cnámh ceansaithe don chréafóg.

Ach ina dhiaidh sin agus uile níor dá hiníon ba mhó a thug an mháthair suntas ach do Phádraigín Pháidín a bhí ag damhsa léi. Bhain sí abhras as an scéal ar an toirt. В’fhurasta a aithint é. Níor mhóide don bheirt focal a rá riamh le chéile faoi ghrá. Níor mhóide gur dhúirt siad focal anocht. Agus ní móide go n-abróidís focal go brách. Ach thuig sí go bpósfaí i South Boston iad, má ba faoi cheann bliana, cúig bliana nó deich mbliana ó inniu é... Bhí sí splanctha. Sin é an cuthach damhsa a bhí ar Phádraigín. An rud a bhí cinnte uirthi féin a rá lena teanga bhí seisean a rá as damhsa. Bhí a chosa agus a cholainn ag cumadh rídháin a raibh snafach agus síneadh, cumas agus cáilíocht ag teacht faoi i leaba a chéile, nó gur bhain lasc dá bhróg thairní aithinne ghreannta as leac an teallaigh ar aon bhuille le nóta deiridh an cheoil. Déarfadh daoine go mba shúgaíl óil é, ach bhí a fhios ag an máthair nárbh ea. Ba bhailchríoch dáiríre an aithinne sin: buille scoir dé ar chaithréim iomlán. Agus ar an dá luath is a ndearnadh a shamhlú leis thosaigh sé ag gabháil fhoinn gan a dhath mairge, ainneoin go raibh saothar an damhsa fós ann. Níor fhan aon aird ag an máthair ar an iníon ach ag éisteacht leis:

‘Tá’n gairdín seo in’ fhásach, a mhíle grá, agus mise liom féin,

Níl toradh ‘bith ‘fás ann, bláth na n-airní ná duilliúr na gcraobh,

Ní chluintear ar an tsráid seo guth cláirsí ná ceiliúr na n-éan

Ó d’éalaigh mo ghrá uaim, craobh álainn, go Caisleán Uí Neill.’

Gearrcach dé óig ag iarraidh scolb a chur ar chrotal cruinne a bheadh á chuibhriú: b’in é a dhíocas foinn. Bhí an ghráin shíoraí ag an máthair faoi seo air. Neach mallaithe i gcionn a ciste chirt féin a bhí ann...

Airíodh úmacha capaill agus clascairt ‘jaunt’ ar an mbóithrín amuigh. Scoir an ceol agus an siamsa d’aon iarraidh, cé is moite de ‘Óra, mhóra mhóra’ Sheáinín Mhic Thuathaláin a bhí sínte óltach ag an doras iata: ‘Ar an taobh ó dheas de chéibh New York sea landáilfeas mé thall.’ Níor thóg Seáinín d’amhrán riamh ach an ‘lúibín’ sin.

‘Ba féirín do Mheiriceá thú, muis. Múchadh agus bá ort nach ar chéibh eicínt atá tú thar is a bheith i do scramaire anseo,’ a deir scorach a raibh sé ag cinnt air aon fhoighid a chur ann.

‘Tugaigí amach é sin agus ceanglaígí ar an jaunt é,’ a deir an mháthair, ach ar tógadh an trunc anuas as an seomra agus ar gróigeadh mar bheadh lao óir ann ar an mbord é.

‘B’fhéidir go mbrisfí é. Ná bacaigí leis,’ a deir Máirín, ‘go mbí mé féin faoi réir le dhul amach freisin.’ Ba é an trunc sin a cuid dindiúirí agus grámh le hata galánta a bheith ar a ceann, le cóta gáifeach a bheith ar a droim i leaba seáil. Dá uireasa sin ba dhiamhlasa é an feisteas lady. Dá ligeadh sí as a hamharc é ar feadh ala an chloig níor dhóide cleas do na baill fheiceálach sin ná seargadh ina ngioblacha luaithe thuas ar a craiceann.

D’ionsaigh Máirín anois ag fágáil sláin ag an dream nach raibh sé de láthar iontu í a thionlacan chomh fada le bóthar an rí. Seanfhundúirí craiplithe a d’fhéad sméaracht trasna na sráide ar éigin, agus nár dhóide dá bhformhór a dhul ar aon chóisir arís go brách óna dteach féin amach. Ba é seo an chéad sine den slabhra á roiseadh: an chéad rud dáiríre a chuir i gcion uirthi a dhalba agus a dhoilí is a bhí an scarúint. Pé ar bith céard a dhéanfadh dream ar bith eile, bhí sí réidh le iad sin a fheiceáil go brách. Ainneoin a raibh d’anbhá agus de dheabha uirthi, thug sí amharc tollta ar gach duine acu i riocht is go mba lón dá cuimhne go héag a gceannaghaidh agus a gcruth. Níor thit an drioll ar an dreall ceart críochnaithe uirthi nó gur tháinig sí chomh fada lena seanmháthair ar an tinteán. Bhí an oiread ceana aici ar an tseanmháthair is a bhí ar a máthair, agus farasbarr teanntáis. Agus ní raibh aici ach malairt. Gach uile sheachtain dá n-éiríodh uirthi choinníodh an tseanbhean brabach eicínt den phinsean le tabhairt di, pé ar bith céard eile a bheadh ar deireadh. Smid ná smeaid ní raibh ag an tseanbhean ach an oiread is dá mba mheall créafóige í cheana féin. Agus go deimhin ba bheag nárbh ea, mar bhí dhá dtrian di ag ‘fear na coise caoile cruaidhe’, agus an trian eile ag fuireacht go mbeadh a háras faoi réir ag an anachain chruógach. Bhí a béal chomh seasc le hadhmad cónra úrdhúnta agus, murach sméideadh na bhfabhraí ar éigin a thug dá cianfhéachaint cruinniú ná ba ghaire do láthair, shílfeadh Máirín nach raibh a fhios aici beirthe ná beo céard a bhí ar siúl.

‘Ní fheicfidh mé go brách arís thú, a mhamó,’ arsa Máirín, agus meacan goil ag cur a cuid cainte as a riocht faoi dheireadh agus faoi dheoidh. ‘Tá Dia láidir,’ arsa an mháthair, buille stuacach. Ba theas agus téagar samhraidh do Mháirín, tar éis sceirdiúlacht agus dúluachair an gheimhridh, na páistí laga agus an naíonán a bhí sa gcliabhán a phógadh ansin. Coisreacan céadfaí a bhí ann ar chol na dtaiséadaí.

D’ardaigh an mháthair siar don seomra an athuair í. Ach ba ghearr thiar iad san am a dtáinig Citín agus Mairéad aníos ina mullach, go bhfaighidís a gcuid seál lena dhul don Ghealchathair fré Mháirín. Leáfadh an mháthair iad. Mura mbeadh a gcuid cunórtais b'fhacthas di nach gcalcfadh an neascóid bhróin a bhí i mbéal a cléibh arís. Níor fhéad sí a rá le Mairín ach go mba mhaith a shaothródh sí é; go raibh súil aice go bhfaighidís aimsir bhreá ar an bhfarraige; agus ar a bhfаса sí riamh a pictiúr a thógáil thall agus é a chur abhaile.

‘Mo leanbh ‘s mo lao thú,’ arsa sise, agus scioch sí cuileoigín chlúmhaí de shlinneán an chóta agus bhain sí liocadh driopásach as bileog an hata, ach gur chuir an iníon a cóir féin air arís ar an toirt. Agus i ndiaidh smearamharc a thabhairt ar fud an tí bhí sí faoi réir lena imeacht.

Thosaigh an jaunt ag tornáil leis go corrach ar bhóithrín aistreánach an bhaile agus an mathshlua, idir fhir, mhná agus pháistí, ina dhiaidh aniar. Ní raibh de shamhail acu ach cóisir íobairte: an jaunt ar tosach mar charn losctha, púireanna tobac na bhfear ag cónaí in aer soineanta na maidine fómhair ar nós túisthoite, agus Máirín lena feisteas cuideáin agus lena ceannaghaidh lasúnta mar bheadh draoi na toirbhearta ann.

Shiúil an mháthair bonn ar aon leis an iníon agus thairg an súsa a iompar di, ach sciob Bríd Shéamais é agus d’iompair sí féin é. Bhí rún ag an máthair an iníon a bheith faoina mullóg féin aici den gheábh deiridh seo, ach chuaigh Citín agus Mairéad seo aici féin ina barr uirthi arís. Ansin bhrúigh na gearrchailí uile go léir ina timpeall, cuid acu ag sioscadh go gealgháireach, cuid acu a raibh an oiread cumha acu ina diaidh is nach bhfaighidís óna gclaonta mórán a rá, agus tuilleadh a raibh buaireamh orthu nach ina bróga nó ag dul ina bail a bhí siad féin. Ba láidir má ďfhan cumha ar bith ar an máthair anois, leis an bhfaltanas a tháinig aici don bhrotainn seo ar mhian leo a hiníon a scuabadh uaithi sula raibh sí oiread is as a hamharc. Bhí sí i bhfaltanas leis an jaunt freisin. Bhí an oiread siúil faoi is dá mba ‘fuadach géar na cille’ a bheadh sé a thabhairt do chorp. Dar léi féin ba é an trunc a bhí gróigthe ar an gcrannóg agus finne déise ina chuid adhmaid faoi ghaetha na gréine óighe a bhí ag cur broide an bhuanaí sa gcapall. Níor fhan focal den chaint aici...

Bhí luisne mhoiglí ón ngrian nach raibh ach ina suí. Drandail gháire ar na críocha agus ar na clochair. An coinleach taltaithe sna póicíní fánánacha stalcánta, cosúil le mullach Shamson eicínt a mbeadh deimheas Delilah tar éis a dhul air. Gleoiteog a bhí i ndiaidh an chalaidh a fhágáil ag treabhadh scríbe gile le cóir siar an Caoláire. D’fhéach Máirín ar ais ar an teach ó Ard Aille an Chuilinn, arae bheadh sé féin agus caidhlín tithe an bhaile faoi gcuairt ó léargas uirthi ní ba mhó.

Ba gheall le fáithim ghreamúis na hAimsire Caite agus na hAimsire Fáistiní an stráca dromannach, san áit a raibh díon úr na bliana anuraidh ag breith ar an seandíon dubh dreoite. Agus bhí gotha an tsuain ar an mbaile arís, ar nós is dá mbeadh sé gan a dhéanamh ach dúiseacht ar feadh ala an chloig le smugairle a theilgean sa bhfarraige mhór, go bhféadfadh an ghleoiteog cis ar easair a dhéanamh dó fúithi...

Sheas an jaunt ag ceann an bhóithrín. Rinne na daoine bruscán cruinn i mbéal bhóthar an rí, i riocht is go mba ar éigin a bhí ligean ar bith ag an máthair ar an iníon. Bhí sí báite sna daoine. Ní raibh inti féin ach cloch éidreorach sa leacht. Ba é an cás céanna di é gan gaol ná páirt a bheith aici léi. Thar is riamh, ba mhór léi anois é do Chitín agus do Mhairéad a bhí le dhul don Ghealchathair le Máirín. Ar thionscailt don phógadh ba gheall iad na mná le dioscán sclamhairí ar thí creiche. Bhrúdar suas chuig a hiníon go míchéatach, d’fháisceadar a lámh, agus sciobadar póga uaithi i mbéal a chéile ar nós plód druideacha ar chosamar. Chroith na fir lámha léi go giorraisc cúthail, mar a bheidís ag rá gurbh é an t-aon chás amháin é; agus má ba rud é a bhí rompu go raibh ar eire acu é a chur díobh ar an dá luath is a d’fhéadfaidís. An cleas céanna a rinne Pádraigín Pháidín; ach, níorbh é fearacht na bhfear eile é, d’ardaigh sé a cheann oiread na fríde, nó gur bhraith an mháthair súile na díse i nglas ina chéile in imeacht ala an chloig...

Ba é uain na máthar é ar deireadh thiar. Níor phóg sí a hiníon ó a bhí sí ina páiste cheana. Ach chinn uirthi mórán de chumha ná de chrá a croí a chur sa bpóg, ainneoin go raibh a béal spalptha dá huireasa. Nár thug sí póg do gach uile dhuine? Nach bhfuair gach uile dhuine tús pógtha agus deornta uirthi uaithi féin. Póg fhuar leamh a bhí i bpóg na hiníne, ar nós is dá mbeadh an chlimirt bainte di ag gach is a raibh ag blaismínteacht cheana léi. Bhí a colainn fuar, freisin – fuar míthéagrach mar a bheadh síogaí ón mbruíon. Is éard a chuir an phóg ó rath ar fad uirthi nár fhéad sí súil a thógáil den trunc a bhí geall le ag cur cogair ina cluais: ‘Ní fhuasclóidh aon bhéal saolta geasa póige an neach sí arb í a chluain an só, an fhánaíocht agus an dearmad; agus arb í a bhruíon an gréasán óir a fhíos mianta na hóige as na gaetha gréine ar na cnoic ghlasa i bhfad ó láthair...’

Bhí Máirín thuas ar an jaunt anois. Mairéad ina suí lena hais, Citín ar an leathchaoin eile i dteannta an tiománaí, agus Pádraigín Pháidín ag daingniú an trunc eatarthu ar an gcrannóg. Don mháthair is éard a mheabhraigh siad – an trunc mallaithe, Mairéad a bhí ag tnúthán lena paisinéireacht ar luas, agus Pádraigín Pháidín a bhí ar bís a dhul go Meiriceá agus a hiníon a phósadh – tríonóid áibhirseoirí ag cur pioraíocha ar a céadghin agus ar a cuid den saol...

Bhí Pádraigín críochnaithe anois agus na daoine ag teannadh i leataobh le réiteach a thabhairt don chapall. D’ionsaigh na mná orthu ag snogaíl agus d’ardaigh an tsnogaíl ina huaill ghártha nach raibh de chumha inti ach an glór agus na deora, dar leis an máthair. Fiú is só an chaointe ina haonraic ní fhágfaidís aici féin féin. Agus níor ghoil sí deoir . . .

‘Feicfidh mé thú roimh chúig bliana,’ arsa sise, de ghlór neamhdhiongbhálta, agus ní bheadh aon ghair aici a súile a ardú ar shúile a hiníne ar bhás an domhain.

‘Feicfidh,’ a deir an iníon trína meacan goil den charr a bhí anois ag gluaiseacht. Ach dúirt croí na máthar chomh maith lena ciall anois nach bhfeicfeadh. Ba thúisce a d’fheicfeadh Pádraigín Pháidín í agus gearrchailí an bhaile agus a clann féin, go dtí fiú agus an leanbh a bhí faoina broinn... В’fheasach don mháthair nach raibh inti ach céadghearrcach an áil a bhí ar imirce go Críocha an tSamhraidh agus an tSó: an Ghé Fhiáin nach bhfillfeadh ar an bhfara ducháis go deo deo...


MS WORD