Dónall Mac Amhlaigh (1960). This autobiography gives real-life insight into the Irish emigrant experience in the UK in the 1950s and is especially attentive to questions of language and identity among minority immigrant communities. This text was translated by Valentin Iremonger as An Irish Navvy: The Diary of an Exile (1964).

THOSAIGH mé ar maidin ag obair in Aireagal I. B’éigean dom culaith bhán a chaitheamh os cionn mo chuid éadaí féin, agus d’airigh mé cinéal pleidhciúil san fheisteas céanna. Páistí uilig atá san Aireagal seo, agus tá siad lách múinte, na díthreabhaigh! Bhí banaltra dheas ag obair istigh san aireagal liom. Liotuánach í, ach tá Béarla maith aici. Níl a fhios agam go fóill an dtaitneoidh an áit seo liom, ach ní móide é. Is é díol an diabhal é bheith ag obair le mná.

Cuireadh mé i mbun an ‘luascán luaí’ (mar a thugadh Peadar Ó Riain air sa Rinn Mhór) agus ba ghearr go raibh an-snas ar an urlár agam. Rinne na mná an oiread iontais díom a bheith chomh maith á oibriú. Is beag a shíl siad gur iomaí lá a chaith mé in éadan an ruda chéanna nuair a bhínn ar C. B. san Arm. Cailíní Éireannacha is mó atá anseo, idir bhanaltraí agus eile, ach ní dream an-Ghaelach iad, an méid díobh a chonaic mise ar chuma ar bith. Céad slán do na cailíní deasa a bhí thiar i gConamara. Ba bheag an mhoill a bheadh ort ag déanamh teanntáis orthu istigh ag ceol nó damhsa; ach maidir leis an dream seo, airím níos coimhthíthí leo ná leis na coimhthígh iad féin.

Scríobh mé litir ghairid abhaile chuig an tseanlady, agus chuaigh mé amach in éindigh le Nioclás Wade as Co. Phort Láirge, lead óg atá ag obair anseo. Chuaigh muid síos sa Royal Oak (tá ainm ar chuile theach ósta anseo, dar ndóigh, gur ól muid cúpla deoch. Scilling is dhá phingin atá ar an mbuidéal Guinness anseo (seacht bpingne sa bhaile) agus tá blas goirt air. Níl caint ar bith ar phionta pórtair anseo, ach ólann na hÉireannaigh piontaí stout and mild, meascán milis a mheasas siad a bheith rud beag cosúil leis an bpionta pórtair.

Tá an t-aer an-fholláin thart anseo.

Níl baol ar bith nach álainn an bhean í siúd, an bhanaltra atá ag obair san áit chéanna liom. Chaith mé píosa mór den lá ag caint léi, ag cur síos ar theangacha is mar seo is mar siúd, agus meas tú nach mar a chéile cuid mhaith focal ina teanga siúd agus sa Ghaeilge.

Tá faitíos orm, ón méid a chonaic mé den áit seo fós, nach bhfuil na cailíní Éireannacha anseo in ann teacht i bhfoisceacht scread asail do na ‘coimhthígh’ maidir le hiompar, béasa agus mar sin. Tá faisiún gránna acu bheith ag sciotaíl gháirí istigh sa bhialann agus tá na seanráite suaracha sin a bhíos ag na Sasanaigh i mbarr a ngoib acu, leithéid “You’ve had it mate,’’ agus “Crikey”. Tá rud éigin suarach i dtaobh an Éireannaigh a bhíos ag déanamh aithrise ar an Sasanach agus ar dhreamanna eile. Feictear dom féin dá mbeinn sa tír seo go Lá Philib an Chleite nach dtógfainn aon bhlas den chanúint ghránna atá ag muintir na háite seo.

Chuaigh mé síos chuig an bPaidrín agus shiúil mé abhaile go mall réidh ina dhiaidh sin. Díleá ar an áit seo, níl tada ann! Is mó go mór atá i gCill Choinnigh, dá dhonacht é.

Bhí mé fíorbhréan díom féin inniu ar feadh tamaill ag smaoineamh ar an saol a bhíodh againn san Arm thiar ar an Rinn Mhór. Cér chás dá mbeadh pá fiúntach le fáil san áit seo, ach ní mórán le cois ceithre ghine a bheas agam nuair a bhainfear luach na dídine as an bpá. Bhí ceannín beag as Port Láirge á rá liom nach mbeidh le fáil agam an tseachtain seo ach pá dhá lá, go gcoinníonn siad seachtain siar uait i gcónaí go mbí tú ag imeacht.

Chuaigh mé isteach go dtí Oifig an Árachais Náisiúnta tráthnóna ag iarraidh leabhar ciondála, cárta aitheantais agus cárta árachais. Caithfidh na nithe sin uilig a bheith ag chuile dhuine sa tír seo, agus déarfainn gur doiligh duit aon chor a chur díot i nganfhios do na húdaráis. Bhíodar iontach múinte istigh sna hoifigí, ní hé fearacht a leithéidí thiar in Éirinn, agus scaoileadh amach gan moill ar bith mé. Chaith mé seal ag siúl thart ar an mbaile mór, agus b’éigean dom suntas a thabhairt don mhéid a bhí sna daoine a chonaic mé. Cheap mise riamh gur dream an-bheag iad na Sasanaigh, ach is cosúil go bhfuil siad seo uilig an-ard agus gan a dhath cosúlachta orthu go rabhadar gan a sáith le n-ithe le blianta.

Rud eile nach bhféadfá gan é a thabhairt faoi deara, chomh dea-ghléasta is atá siad le hais na ndaoine thiar sa bhaile. Níor casadh oiread is duine amháin orm a raibh éadaí scagacha air ná bróga caite. Tá an t-éadach agus mórán chuile shórt eile i bhfad níos daoire anseo ná thiar in Éirinn, agus tá mé ag ceapadh gur beag ná gurbh fhiú duit dul siar go hÉirinn uair sa bhliain ag ceannach éadaí. Tháinig an-dúil agam i nglac milseán, ach níor fhéad mé iad a cheannach cheal cúpón. Chuaigh mé isteach i gceann de na stórais mhóra gur ól mé braon tae ann. Chaith mé i bhfad ag smaoineamh ar mo chomrádaithe san Arm: Mac an Bháird, Colm a tSeaimpín, Mac Mhicil Saile, is iad sin uilig. Tá siad uilig sa tír seo anois, dá mbeadh a fhios ag duine cá rachadh sé á n-iarraidh.

Amárach Lá Fhéile Pádraig agus tá an-chaint anseo ar an bhFéile i measc na nÉireannach.

6

MAIDIN Dé Domhnaigh b’éigean dom a bheith i mo shuí an-mhoch leis an gcéad Aifreann a fháil, mar go mbeinn ar dualgas go dtí a haon a chlog. Sin é an rud is measa faoin áit seo, go gcaithfidh tú uaireanta briste mar sin a oibriú ann. Bhí mé saor óna haon go dtí a cúig agus chaith mé an tráthnóna ag scríobh litreacha abhaile.

Is measa ná Túr Bhabel an áit seo lena bhfuil de theangacha éagsúla á labhairt ann. Tá Iodáilis, Úcráinis, Gearmáinis agus Liotuáinis le cloisteáil ar chuile thaobh, ach mó léan, níl aon fhocal den Ghaeilge. Caithfidh mé cúpla focal di a mhúineadh don diabhal fiáin sin, Nioclás. Go deimhin níl sé achar ar bith ó d’fhág sé an scoil; mar sin ba cheart nach mbeadh sé ró-dheacair é a chur á labhairt. Ní bheadh sé san áit seo chor ar bith marach go bhfuil a dheirfiúr ina siúr san ospidéal, agus thug sí anall as Éirinn é le nach mbrisfeadh an scaibhtéirín croí a mháthar amach is amach. Tá feirm sa bhaile acu, ach ó cailleadh an t-athair níorbh fhéidir an buachaill a smachtú chor ar bith. Tá sé le seoladh amach go Nua-Shéalainn chomh luath agus is féidir, agus faraoir nach amárach é.

Staic dhéanta de bhuachaill é agus tá sé chomh láidir le tarbh agus gan é ocht mbliana déag fós. Bímse cráite aige, mar níl aon fhear eile ag obair anseo nach D. P. nó Sasanach é, agus tá gráin ag Nioclás ar chaon dream acu sin. Feictear dó go bhfuil sé thar a bheith dilis d'Éirinn, agus ceapann sé nach bhfuil caoi ar bith is fearr leis an dílseacht sin a chur in iúl ná bheith ag troid leis na Sasanaigh agus na ‘coimhthígh’. Tháinig a dheirfiúr ansin ar maidin gur iarr sí orm bheith i mo chomrádaí ag Nioclás, mar gur mheas sí go gcuirfinn ar bhealach a leasa é. Is é is móide go mór go gcuirfidh mé ina shuí ar a thóin ar an urlár é mura dtuga sé beagán suaimhnis dom.

Ach le filleadh ar cheist na dteangacha, is iontach go deo an greim atá ag na coimhthígh seo ar theangacha. Níl dream ar bith acu (cés moite de na hlodáiligh) nach bhfuil in ann ar a laghad ceithre cinn de theangacha a labhairt. Cuirim i gcás, tá a bhfuil de Úcránaigh anseo in ann Gearmáinis, Polainnis, agus beagán Liotuáinise a labhairt, agus is é do na Gearmánaigh agus do na Polannaigh. Maidir le muintir na hlodáile, agus tá suas le leathscór acu anseo, níl acu ach a dteanga féin, ach tá mé ag ceapadh nár chorraigh siad amach as a dtír ar nós na ndaoine eile a luaigh mé. As ceantar Napoli uilig iad ach aon bhean amháin, agus is iontach na ceoltóirí iad. Mhairfidís ag amhránaíocht, agus tá beocht agus brí iontu nach bhfuil in aon dream eile anseo.

An t-aon bhean amháin as an taobh ó thuaidh den Iodáil atá anseo, níl meas madra aici ar na hlodáiligh eile, agus deireann sí go mbíonn siad salach agus leisciúil ag baile. Níl sé sin le rá fúthu anseo ar chuma ar bith, agus is dream aerach suáilceach iad. Mar chailíní aimsire atá siad sin uilig fostaithe anseo, de bharr a laghad Béarla atá acu. Tá riar de na coimhthígh eile ag obair mar ghiollaí otharlainne, nó mar bhanaltraí cúnta, agus is ag na Sasanaigh agus ag na hÉireannaigh atá na poist is airde. Mar shampla, is Sasanach de bhunadh Éireannach an mátrún anseo, is Éireannach í an leas-mhátrún agus is Éireannaigh bordáil ar a leath de na siúracha.

Bhí luach an damhsa sa Chlub Gaelach (ocht bpingin déag) fanta agam ón lá inné, agus bhuail mé síos ann i bhfoisceacht uair dá dheireadh. Bhí tiomsú ban breá istigh ann, agus cé chasfaí dom ach mo sheanchara, Stiofán ó Tuathail (Stiofán Dáirb) as an Spidéal. Chaith muid leathuair an chloig cinnte ag cur síos ar an Spidéal agus ar na céilithe breátha a bhíodh ann nuair a bhí muid ag tarraingt ann fadó. Bhí beirt éigin ag spochadh as a chéile istigh sa halla i gcaitheamh na hoíche, agus nuair a bhí an damhsa thart d’iarr siad ar an sagart na miotóga a thabhairt dóibh agus bheith mar mholtóir orthu. Nuair a bhí na mná uilig gafa amach dúnadh na doirse agus bhailigh muid uilig thart go bhfeiceadh muid an troid. Chaith siad leathuair an chloig ag sciorradh is ag titim is ag coraíocht le chéile, agus gan aon duine acu ag déanamh a dhath dochair don fhear eile, nó gurbh éigean don sagart iad a chur abhaile i dtigh diabhail as ar deireadh.

“Fighters,” ar seisean agus déistean air, “sure you'd beat them with your cap!”

Ach deir siad liom gurb iomaí troid mhaith chrua a bhíos istigh ansin acu faoi chúram an tsagairt. Séard a chreideas an tAthair Ó Gealbháin gur fearr dóibh cibé aighneas atá eatarthu a shocrú sa Chlub ná bheith ag troid amuigh ar an tsráid, áit a mbeadh siad ag tabhairt drochshampla do na Págánaigh. Tháinig Stiofán píosa den bhealach abhaile liom agus chaith muid i bhfad ag caint sul má scar muid. Bhí iontas air faoi mé bheith ag obair san ospidéal agus thug sé comhairle dom teacht amach as, mar go bhfaighinn a oiread pá ag obair in éindigh leis féin, ag náibhíocht. Brath ar é a dhéanamh, dar m’anam!

9

Is beag an dochar dóibh bheith ag íoc an dá phunt coróin anseo, maise. Baintear as do chraiceann go maith é. Dar ndóigh, b’annamh leis an gCorcaíoch aon cheo a scaoileadh uaidh go bog. Ag athlíonadh trinse a bhí Maidhc Ned is mé féin i gcaitheamh an lae agus, go deimhin, níor chuir muid aon am amú ag díriú na ndromanna. Tá rúd amháin ar chuma ar bith, níl aon Sasanach i ngar dúinn ach ár muintir féin ar fad. As Ros Muc agus as an gCeathrú Rua formhór mór na leads seo agus níl thar triúr Béarlóirí ina measc, agus is Laitveach duine acu sin. Ba gheall leis na seanlaethanta arís é, nuair a bhí mé sa Chéad Chath, lena raibh de Ghaeilge ar siúl ar chaon taobh dínn. Is diabhlaí na fir atá ag obair ar an job seo, iad chomh láidir le capaill; ach is cosúil gur leads lácha uilig iad. Tá seanaithne ar chuid acu againn.

Ar an mbóthar mór atá muid faoi láthair, ach téann líne na bpíopaí isteach trí gharraithe is trí fheirmeacha freisin. Ní san áit chéanna a bheifeá ar an obair seo aon dá lá, de réir mar a chuala muid. B’fhéidir go mbeifeá anseo inniu agus amárach go mbeifeá na mílte as seo de réir mar a bheadh fonn ar Pháidín tú a athrú timpeall, nó mar a bheadh gá leis. Ní mórán ar bith adúirt sé inniu linn, ach b’fhacthas dom cúpla uair go raibh sé do mo mheas agus é ag breathnú amach faoi speic a chaipín orm. Féadfaidh sé. Níl mé in ann dul thar mo dhícheall.

Is beag nár thit mé i lagachair ag gáirí faoi sheanphinsire as Corcaigh a bhí ag obair in éindigh linn ag athlíonadh an trinse. An diabhal bocht, bhí lúcháir an domhain air faoi bheith in aice le fear a bhí sásta Bearla a labhairt – bhí sé cráite ag an nGaeilge ó tháinig sé ar an job seo. Ba é an fearín ba chaintí dá bhfaca mé riamh é, cés móite de chuid de na boic sin a bhíos de shíor ag cur díobh thíos i Hyde Park. Ach na ráite barrúla a bhí aige! Cér chás é ach bhí sé lán dáiríre faoi gach ar dhúirt sé. Ní raibh tada ag cur as dó ach an méid Éireannach a bhí ag cailleadh a gcreidimh sa tír seo. Bhí iníon a dheirféar féin nach raibh ag dul ar aon bhealach fónta thíos i Londain, má b’fhíor dó:

“Yerra boy I calls on her there lately to remind her of her obligations and she only laughed at me. Coming out of the bat, she was. ‘There you stand', sez I, ‘with your hair half wet, washin’ and battin’ away from the rites of the Church’”. Níl a fhios agam ar cheap sé go raibh dlúthcheangal éigin idir glaine coirp agus tréigean creidimh!

Bhí an chaint ag teacht ina rabhartaí uaidh ar feadh an lae uilig, agus ba bheag an mhoill a bhí ar Pháidín an Táilliúra a thabhairt faoi deara go mbíodh sé ag coinneáil na bhfear díomhaoin. Tá faitíos orm gur gearr an réim a bheas ag an bhfear bocht anseo. Faoi dheireadh dhíbir Páidín an bheirt againn síos an pháirc, i bhfad ón gcuid eile. Bhí ár sáith le déanamh thíos ansin againn, ag doimhniú trinse, ach ní shásódh an diabhal mo dhuine ach bheith ina luí anuas ar chois na sluaiste agus é ag síorchaint ar chuile rud beo.

“Wot do you tink of the English, boy?” ar seisean. Dúirt mé féin nach bhféadfainn ceist den sórt sin a fhreagairt de léim, ach níor thug sé cead dom dul níos doimhne sa scéal.

“Tyrants an' robbers, that’s wot they are, boy. Look at wot Cromwell did back yonder, boy. ‘To hell or to Connickt' sez he, and he drives all our ancestors from their rich lands an’ their castles back into the mountains and boglands an’ that’s why we're all over here to-day working for John Bull”.

Bhraith mé a rá leis go mba fánach an beart é bheith ag cur an mhilleáin faoi dhrochstaid na hÉireann inniu ar rudaí a tharla breis agus trí chéad bliain ó shin, ach scaoil mé leis é mar scéal. Nuair a tháinig an leoraí tráthnóna le muid a thabhairt abhaile, b’shiúd amach Páidín gur thomhais sé an méid a bhí déanta againn. Tá faitíos orm nach mbeidh muid in éindigh le chéile amárach.

Bhuail Maidhc Ned is mé féin chuig an bpictiúr san oíche.

“Diabhail a raibh caill ar bith ar an bpictiúr sin”, arsa Maidhc ag teacht amach dúinn agus é ag cuimilt a bhosa ar a chéile. Cén bhrí ach bhí sé ina chodladh ó chuaigh sé isteach ann!

Bhí muid in amhras ar maidin faoi céard ab fhearr dúinn a dhéanamh, fanacht istigh nó dul amach chuig an obair, óir bhí sé ag gleáradh báistí agus gan aon chosúlacht ligean suas air. Chuaigh muid isteach sa bhaigín sa deireadh (tá an obair breis agus dhá mhíle dhéag amach ón mbaile mór), ach bhí bail an diabhail istigh ansin orainn ag braon anuas. Bhí Réamonn Ó Súileabháin ag déanamh spraoi dúinn mar dhea go mba bhádóirí muid ar an bhfarraige lá stoirme, chaon “Fan a'd a dhiabhail, fan a'd adeirim” aige, agus téarmaí eile a bhíos ag bádóirí Chonamara nach eol domsa tada fúthu. Nuair a shroich muid ceann scríbe bhí Páidín romhainn agus m'fhocal duit nach aon chuma fhónta a bhí air.

“Diabhal a raibh mórán graithe agaibh amach ar maidin, a leads”, ar seisean. Dúirt duine éigin go mb’fhéidir go nglanfadh sé suas ar ball.

“Bhuel, déanaigí bhur rogha rud,” ar seisean ansin, “ach má thosaíonn sibh caithfidh sibh é shtickeáil amach go tráthnóna, cuma céard a dhéanfas an aimsir”.

Bhí muid idir dhá comhairle ansin. Níor mhaith le fear ar bith againn go bhfliuchfaí é, ach san am céanna bhí drogall orainn pá an lae a chailleadh (níl am fliuch ar bith ar an job seo). Shocraigh muid tabhairt faoi sa deireadh, agus b’shiúd linn ag baint is ag cartadh is ag réiteach áit do phíopaí. Nuair a tháinig am bricfeasta ní raibh oiread is snáth tirim ar aon duine againn agus bhí muid cantalach dá réir.

Is é an chaoi a dtéann muid isteach go baile Towcester faoi choinne an tae ar an job seo, mar go bhfuil na leads chomh scaipthe timpeall gurb é sin an socrú is feiliúnaí dúinn. Ní túisce a bhí an tae ólta againn agus muid ag aireachtáil roinnt sibhialta ná neartaigh ar an mbáisteach arís. Ba ghearr gur tháinig Páidin dár n-iarraidh amach, ach bhí sé fánach aige an babhta seo mar nach gcorródh aon fhear amach as. D’fhág sin sách corraithe é, nach nuair a d’iarr mórán chuile fhear againn sub air bhí sé oibrithe ceart. Fuair muid uaidh é ar chuma ar bith, an méid againn a bhí á iarraidh, agus ó bhí sé a deich bailithe an tráth sin chuaigh muid amach as an gcaife agus isteach sa teach ósta, lán an tí againn.

Bhí na Súileabhánaigh, na Griallaiseacha, Colm an Táilliúra, Pádraig Breathnach, Maidhc Ned is mé féin ann, agus mura raibh ‘time’ againn ní lá go maidin é. Nuair a tháinig am dúnadh rug muid linn leathdhosaen buidéal an duine agus bhuail muid suas tigh Mháirtín Uí Chonaire. Cliamhain do Chlainn Sheáin é Máirtín agus bhí an-fháilte ag a bhean, Máire, romhainn. Bhain mé féin an-taitneamh as an gcuid sin den lá – lán an tí againn is gan focal Béarla á labhairt ag aon fhear ach Gaeilge bhinn Chonamara. Tháinig cumha orm nuair amháin nuair a smaoinigh mé ar na laethanta a bhíodh fadó againn thiar i nGaillimh. Dúradh an-chuid amhrán: ‘Fill, a Ruain Ó’, ‘Nach é mo léan géar gan mé i mo lachóigín bhán’, ‘Rise up, gallant Sweeney’, agus níl a fhios agam cé mhéad eile, agus nuair a tháinig Barney tráthnóna leis an bhaigín le muid a thabhairt abhaile bhí obair mhór air dár mealladh amach as tigh Mháirtín. 

11

THOSAIGH Tomás Ó hOibicín anseo ar maidin agus ba mhór ab fhiú dom a leithéid a bheith ag obair liom. Bhí muid thuas in uachtar ag deisiú agus ag líonadh poill i mballa an túir agus níor fhéad muid muid féin a théamh leis an obair sin, ach choinnigh Tomás an t-anam ionamsa lena raibh de ráite barrúla aige agus scéalta faoi na daoine thiar i gCor na Móna.

Bhí leadín Bhaile Átha Cliath ag obair thíos fúinn ar an scafall, agus faoi cheann scaithimh thosaigh sé ag tabhairt suntais do Thomás agus mise a bheith ag labhairt Gaeilge.

“Are yous two speakin’ Irish?” ar seisean agus iontas air. Dúirt muid go raibh. Ansin:

“Listen lads,” arsa mo dhuine, “there’s a couple of foreigners up here jabberin' away in some strange lingo.” Bhí brath ag Tomás léim anuas mar a raibh an boc agus tosú ag gabháil air, ach dúirt mé leis gan bacadh leis. Ní bheadh ann ach cur amú aimsire, mar ní fhéadfá tada a dhéanamh lena leithéid sin. Bhaist Reg Manley Chang agus Wong ar an mbeirt againn in am dinnéir, ach ní raibh aon dochar ansin, ach spraoi.

Chuaigh muid ag concréidiú tar éis an dinnéir agus is gearr an mhoill a bhí orainn ag éirí te.

13

Sheas mé scaitheamh, tráthnóna inniu, ar uachtar an túir uisce agus mé ag breathnú ar an spéir dhearg san iarthar. Go tobann bhuail taom uaignis mé i ndiaidh an bhaile. Smaoinigh mé ar Ghaillimh agus ar Loch Coirib tráthnóna samhraidh, agus ar chomh deas fionnuar is a bhíodh sé faoi scáth an tseanchaisleáin i Mionloch. Shamhlaigh mé ansin Bóthar na Trá lá breá gréine, agus b’fhacthas dom gur chuala mé gleo na bpáistí ag súgradh sa ghaineamh agus an torann caointeach a bhíos ag bus Chonamara ag dul siar is í luchtaithe le daoine. Bhí sé mar thiocfadh mearbhall orm, mé i mo sheasamh ansin is gan aird agam ar thada i mo thimpeall ach ag smaoineamh siar. Nuair a ghlaoigh Tomás orm faoi dheireadh, á rá liom go raibh sé in am dúinn críochnú, bhí mé chomh bréan de mo shaol is a d'fhéadfadh aon fhear a bheith.

Chuaigh mé chuig an bpictiúr sa Choliseum, agus bhí sé do mo mharú nuair nár fhéad mé dul amach in éindigh leis na leads ag ól; ach b’éigean dom aire a thabhairt do na pinginí. Bhí an phictiúrlann lán de ghasúir, iad ag rith timpeall is ag déanamh gleo is ag súgradh le chéile i gcaitheamh an ama nó gurbh éigean dom éirí as bheith ag iarraidh aon mheabhair a bhaint as an rud a bhí ar bun. Na créatúir, tá a gcuid pléisiúir ag brath ar phá a dtuismitheoirí agus ní bhíonn acu ach an deireadh seachtaine.

Is iontach chomh faillíoch is a bhíos tuismitheoiri ina gclann anseo i Sasana. Nuair a thagas na páistí ón scoil is iondúil nach mbíonn aon duine rompu sa bhaile mar gheall ar go bhfuil an t-athair is an mháthair amuigh ag obair. Bíonn ar na créatúir ruainne le n-ithe a fháil dóibh féin ansin go dtaga an mháthair abhaile. Cén bhrí, ach níl gá ar bith leis an obair seo, marach go santaíonn na daoine rudaí nach bhfuil call ar bith leo, boscaí teilifíse, troscán ‘comhaimseartha’ agus a leithéidí, gan trácht ar an méid a chaitheas siad sa teach ósta.

Tá a shliocht ar na gasúir freisin, mar tá muiríneacha an lucht oibre go minic gan múineadh gan smachtú, ag rith thart go brocach neamh-chíortha. Marach na béilí maithe a thugtar dóibh sna scoileanna is dona a bheidís beathaithe, tá mé ag ceapadh. Locht an-mhór é seo a mhilleas tír mhaith. Séard is ciontach leis, sílim, nach bhfuil na daoine oilte ná cleachta ar an rachmas seo atá acu faoi láthair, agus tá siad ag imeacht craiceáilte le saint agus dúil.

Chuaigh mé ag ól braon tae sa chaife ar mo bhealach abhaile dom. Nuair a bhí mé ag dul isteach sa teach d’airigh mé na leads uilig istigh sa seomra suí agus iad ag baint an-scléip amach dóibh féin tar éis bheith thíos sa teach ósta; ach ďéalaigh mé suas i nganfhios dóibh, mar b’fhearr liom an diabhal ná bheith san áit a bhfuil fir bogtha is mé féin ar mo chéill.


MS WORD