Liam Mac Uistín (1994). Published at the time of the 150 year commemoration of the Great Famine in Ireland, this novel contains chilling accounts of famine refugees who travelled on ‘coffin ships’ to America in the nineteenth century. This excerpt was translated by Séamus Ó Coileáin as ‘On Board the Esperanza’ (2019).

Cuid II, Mír 5

Tháinig an chéad stoirm anuas orthu an oíche sin. Thosaigh an soitheach ag damhsa go fiáin ar an bhfarraige choipthe. Tháinig screadach ón ngaoth ar nós anamacha damanta á gcéasadh.

Thíos sa stíris ní fhéadfaí an fharraige fhraochta a fheiceáil ach samhlaíodh do na daoine sa dorchacht go raibh deireadh an domhain ag druidim leo. Le hoibriú na mara caitheadh cúpla clann iomlán amach as a leapacha. Bhuail siad ceann ar aghaidh le paisinéirí ar an taobh eile den stíris. Ansin teilgeadh ar ais iad in aghaidh na landairí adhmaid. Brúdh go dona iad agus ba bheag nár fáisceadh an t-anam as na leanaí óga.

Chuir na paisinéirí liúracha arda uafáis astu le gach rolladh obann a thug an long. Thosaigh uisce mara ag rith anuas ón deic os a gcionn. Fliuchadh na tochtanna tríd is tríd agus fágadh daoine go murnáin san uisce. Shleamhnaigh potaí is crúiscíní, gréithe is prócaí timpeall na stírise; briseadh buidéil is miasa ina smidiríní.

Bhí an soitheach ar crith ón bhun go barr sa chaoi go raibh lucht na stírise cinnte go raibh sé ar tí briseadh agus go slogfaí gach a raibh ann i ndoimhneacht na farraige.

D’ordaigh an Captaen Burton dá chriú an haiste a leagan anuas ar an mbealach síos chun na stírise. Mhéadaigh ar uamhan na bpaisinéirí thíos nuair a fuaireadar amach go raibh siad i ngéibheann ina ndoinsiún gruama. Ní raibh aon bhia te acu ach bhí a gcuid fíoruisce truaillithe ag an sáile. Níor fhéad aon duine dul amach anois chuig an dá leithreas thuas. Bhíodar ar nós ainmhithe faoi ghlas i gcás.

Tar éis tamaill nuair a mhaolaigh an stoirm beagáinín thosaigh siad ar an dochar a bhí déanta a áireamh. Bhí a lán acu brúite agus gonta. Bhí potaí is pannaí is bia scaipthe i ngach áit mar aon le héadaí, bróga, is blaincéid. I gcúinne amháin bhí bean le huillinn bhriste. I gcúinne eile bhí leanbh le heasnacha basctha.

Rinne cúpla duine iarracht ar fhaoiseamh a thabhairt dóibhsean a bhí gortaithe. Chuaigh a bhformhór eile i mbun a ngiúirléidí a bhailiú is a chur ar ais ina n-áiteanna. Dheifrigh duine i ndiaidh duine chuig an haiste le dul suas go dtí an leithreas. In ainneoin a scairteanna níor osclaíodh an haiste. D’fhan sé dúnta ar feadh dhá lá go dtí go raibh an stoirm thart agus an fharraige suaimhnithe.

Bhí lucht na stírise i gcruachás in éagmais na leithreas uisce. Réitigh na daoine óga agus na leanaí an fhadhb dóibh féin. Nuair a ghlaoigh an nádúr orthusan rinne siad a gcuid gnó ar an láthair ab oiriúnaí dóibh. Tar éis tamaill bhí ar an gcuid eile a ngnó a dhéanamh chomh maith i gcibé áit ina raibh sé inrásta. De ghrá na modhúlachta d’éalaigh cuid de na cailíní síos go dtí an deic íochtair ina raibh an lasta. Seithí a bhí á n-iompar ag an long an turas seo. Bhí boladh géar gránna astu.

‘An dtiocfaidh tú liom?’ arsa Áine de Paor i gcogar le Máire. ‘Tá eagla orm bheith i m’aonar sa dorchacht thíos. Tá an áit dubh le francaigh.’

Thóg Máire a lámh agus d’éalaigh siad síos. Chuardaigh siad áit i lár an lasta nár baineadh úsáid as cheana. Rinne siad oiread fothraim is a d’fhéadfaidís chun na francaigh a scanrú chun siúil.

‘Is trua nár éisteamar leis an mangaire úd a bhí ag díol na bpotaí seomra ar an gcé,’ arsa Máire. ‘Ní bheimis sa chruachás seo dá nglacfaimis a comhairle.’

‘Bheadh sé deacair iad a choinneáil glán.’

‘Ní bheadh, muis. Ní gá ach sreang tuartha a cheangal de láimh an phota agus é a thumadh sa bhfarraige.’

‘Ní thig liom an bréantas uafásach seo a sheasamh.’ Chuir Áine a méara timpeall a pollairí.

‘Tá sé níos measa ná seamlas.’

‘Is gearr go mbeidh an áit thuas chomh dona leis. Tá fuíoll na n-óg is na sean ag carnadh suas in aghaidh an lae. Ba cheart don chriú an brocamas go léir a ghlanadh amach.’

‘Mura n-osclóidh siad an haiste sin go luath beimid go léir plúchta.’

‘Ní osclóidh siad é go dtí go n-oirfidh sé dóibh. Is cuma sa diabhal leo cad a tharlaíonn do lucht na stírise.’

(Leathanaigh 28-30)


MS WORD