Nuala Ní Dhomhnaill (1998). These four poems address universal themes of displacement through the voice of a population of mermaids who have been forced to leave their marine habitat and assimilate to life on land. Translated by Paul Muldoon as 'The Assimilated Merfolk' (2007). Translations available in: عربي, Čeština, 汉语, Deutsch, ελληνικά, English, Español, Français, Galego, Nederlands, Polski, Português, 日本語.

An Mhurúch san Ospidéal

Dhúisigh sí

agus ní raibh a heireaball éisc ann

níos mó

ach istigh sa leaba léi

bhí an dá rud fada fuar seo.

Ba dhóigh leat gur gaid mhara iad

nó slaimicí feola.

 

‘Mar mhagadh atá siad

ní foláir,

Oíche na Coda Móire.

Tá leath na foirne as a meabhair

le deoch

is an leath eile acu

róthugtha do jokeanna.

Mar sin féin is leor an méid seo,’

is do chaith sí an dá rud

amach as an seomra.

 

Ach seo í an chuid

ná tuigeann sí –

conas a thit sí féin ina ndiaidh

‘cocs-um-bo-head’.

Cén bhaint a bhí

ag an dá rud léi

nó cén bhaint a bhí aici

leosan?

 

An bhanaltra a thug an nod di

is a chuir í i dtreo an eolais –

‘Cos í seo atá ceangailte díot

agus ceann eile acu anseo thíos fút.

Cos, cos eile,

a haon, a dó.

Caithfidh tú foghlaim

conas siúl leo.’

 

Ins na míosa fada

a lean

n’fheadar ar thit a croí

de réir mar a thit

trácht na coise uirthi,

a háirsí?

 

An Mhurúch agus Focail Áirithe

Ná luaigh an focal ‘uisce’ léi

nó aon ní a bhaineann le cúrsaí farraige –

‘tonn’, ‘taoide’, ‘bóchna’, ‘muir’, nó ‘sáile’.

Ní lú léi an sioc samhraidh ná trácht a chlos

ar iascach, báid, saighní trá nó traimile, potaí gliomach.  

Tá’s aici go maith go bhfuil a leithéidí ann

is go mbíonn gíotáil éigin a bhaineas leo

ar siúl ag daoine eile.   

 

Ceapann sí má dhúnann sí a cluasa is má chasann sí a ceann

go mbeidh sí saor orthu           

is ná cloisfidh sí búir dhúr an eich uisce

ag fógairt gaoil shíoraí léi go doimhin san oíche,

amach trí lár a codladh uirthi.

 

Níl aon namhaid eile aici

ach an saol fó-thoinn a chleacht sí

sarar iontaigh sí ar a hathshaol ar an míntír      

a chur i gcuimhne dhi. Séanann sí ó bhonn

go raibh oiread is cac snioga de bhaint aici leis

aon am. ‘Ní raibh aon tsuim riamh agam          

sna piseoga sin, nó in aon sórt seanaimsearachta.

Aer, eolas, solas gléineach na heolaíochta

Is ea a shantaíos-sa.’

 

Ba chuma liom ach go bhfuaireas-sa amach

san eitheach í. 

Istigh sa Roinn le Béaloideas Éireann,   

tá lámhscríbhinní iomlán de Bhailiúchán na Scol

breactha óna láimh,

scríte in uisce, le clipe de sciathán rotha,         

ar scothóg feamainne mar phár.

 

Tá trí cinn déag de scéalta fada

agus smutaíocha de chinn eile, i dteannta le

horthaí, seanpháidreacha, tomhaiseanna agus aroile

le tabhairt faoi ndeara ann.

Óna hathair is óna máthar chríonna is mó

a thóg sí síos iad.

 

Diúltaíonn sí glan dó – ‘An máistir

a thug mar obair bhaile dhúinn é fadó

thiar sa bhunscoil. Chaitheamair é a dhéanamh.

Ní raibh aon dul as againn.’

Cháithfeadh sí fuil shróine

sara mbeadh sí riamh admhálach ina thionscnamh.      

 

Cuimhne an Uisce

Uaireanta nuair a bhíonn a hiníon

sa seomra folctha        

ag glanadh a fiacla le slaod tiubh          

is le sód bácála,

tuigtear di go líonann an seomra suas

le huisce.

 

Tosnaíonn sé ag a cosa is a rúitíní

is bíonn sé ag slibearáil suas is suas arís

thar a másaí is a cromáin is a básta.                 

Ní fada

go mbíonn sé suas go dtí na hioscaidí uirthi.     

Cromann sí síos ann go minic ag piocadh suas

rudaí mar thuáillí láimhe nó céirteacha

atá ar maos ann.                     

Tá cuma na feamnaí orthu –    

na scothóga fada ceilpe úd a dtugaidís

‘gruaig mhaighdean mhara’ nó ‘eireabaill mhadraí rua’ orthu.

Ansan go hobann téann an t-uisce i ndísc

is ní fada

go mbíonn an seomra iomlán tirim arís.

 

Tá strus uafásach                     

ag roinnt leis na mothúcháin seo go léir.

Tar éis an tsaoil, níl rud ar bith aici       

chun comparáid a dhéanamh leis.

Is níl na focail chearta ar eolas aici ar chor ar bith.

Ag a seisiún síciteiripeach seachtainiúil

bíonn a dóthain dua aici          

ag iarraidh an scéal aisteach seo a mhíniú        

is é a chur in iúl i gceart

don mheabhairdhochtúir.        

 

Níl aon téarmaíocht aici,

ná téarmaí tagartha

ná focal ar bith a thabharfadh an tuairim is lú

do cad é ‘uisce’.

‘Lacht trédhearcach’, a deir sí, ag déanamh a cruinndíchill.

‘Sea’, a deireann an teiripí, ‘coinnibh ort!’

Bíonn sé á moladh is á gríosadh chun gnímh teangan.

Deineann sí iarracht eile.         

‘Slaod tanaí’, a thugann sí air,

í ag tóraíocht go cúramach i measc na bhfocal.

‘Brat gléineach, ábhar silteach, rud fliuch.’       

 

Leide Beag

Dá gcaithfeá faid do mharthana iomláin’

ag cúléisteacht leis an murúch

b’fhéidir go bhfaighfeá leide beag anseo is ansiúd

cárbh as di. Thángas-sa aniar aduaidh

uirthi lá fómhair is a naíonán

á bréagadh faoina seál aici.

 

‘Ní tú éan gorm na mbainirseach,

ní tú gearrcach glas na gcaobach,

ní tú coileán an mhadra uisce,

ní tú lao na maoile caoile’,

 

an suantraí a bhí á chanadh aici

ach do stop sí suas láithreach bonn

chomh luath is a thuig sí

duine eile a bheith ar an bport.

 

Tuigeadh dom gur ghlac sí náire

i dtaobh é bheith cloiste agam in aon chor.

Tuigeadh domh chomh maith go raibh blas an-láidir

den bhfarraige air mar shuantraí ar an gcéad scór.


MS WORD