Pádraig Ó hÉigeartaigh (1906). This poem gives a personal account of the drowning of the poet’s son in the USA and the resulting anguish caused by being removed from his ancestral home in Ireland. Translated by Thomas Kinsella as ‘My Sorrow, Donncha' (1981).

Ochón! A Dhonncha, mo mhíle cogarach, fen bhfód so sínte;

fód an doichill ‘na luí ar do cholainn bhig, mo loma-sceimhle!

Dá mbeadh an codladh so i gCill na Dromad ort nó in uaigh san Iarthar

mo bhrón do bhogfadh, cé gur mhór mo dhochar, is ní bheinn id’ dhiaidh air.

 

Is feoite caite ‘tá na blátha scaipeadh ar do leaba chaoilse;

ba bhreá iad tamall ach thréig a dtaitneamh, níl snas ná brí iontu.

‘S tá an bláth ba ghile liom dár fhás ar ithir riamh ná a fhásfaidh choíche

ag dreo sa talamh, is go deo ní thacfaidh ag cur éirí croí orm.

 

Och, a chumannaigh! nár mhór an scrupall é an t-uisce dod’ luascadh,

gan neart id’ chuisleannaibh ná éinne i ngaire duit a thabharfadh fuarthan.

Scéal níor tugadh chugham ar bhaol mo linbh ná ar dhéine a chruatain –

ó! ‘s go raghainn go fonnmhar ar dhoimhin-lic Ifrinn chun tú a fhuascailt.

 

Tá an ré go dorcha, ní fhéadaim codladh, do shéan gach só mé.

Garbh doilbh liom an Ghaeilge oscailt – is olc an comhartha é.

Fuath liom sealad i gcomhluadar carad, bíonn a ngreann dom’ chiapadh.

Ón lá go bhfacasa go tláith ar an ngaineamh thú níor gheal an ghrian dom.

 

Och, mo mhairg! Cad a dhéanfad feasta ‘s an saol dom’ shuathadh,

gan do láimhín chailce mar leoithne i gcrannaibh ar mo mhalainn ghruama,

do bhéilín meala mar cheol na n-aingeal go binn im’ chluasaibh

á rá go cneasta liom: ‘Mo ghraidhn m’athair bocht, ná bíodh buairt ort!’

 

Ó mo chaithis é! is beag do cheapas-sa i dtráth mo dhóchais

ná beadh an leanbh so ‘na laoch mhear chalma i lár na fóirne,

a ghníomhartha gaisce ‘s a smaointe meanman ar son na Fódla –

ach an Té do dhealbhaigh de chré ar an dtalamh sinn, ní mar sin a d’ordaigh.


MS WORD