Peig Sayers (1936). The autobiography describes the extraordinary life of Peig Sayers, who in her lifetime witnessed the desertion of her native island and the emigration of family and friends from west Kerry. This text was translated by Bryan MacMahon as Peig: The Autobiography of Peig Sayers of the Great Blasket Island (1973).

Cóisir is Tionlacan is Slán go Deo

An rud is annamh is iontach. Bé sin an dálta céanna ag muintir Dhún Chaoin é. Ní mór acu a chonaic ceaint riamh, is ní raibh i mbéal ná i mbráid éinne acu ach lá na ceainte. Bhí talamh Mhuiris le bheith ar ceaint Dé Máirt is bheadh ana-lá spóirt againn.

Ar maidin Dé Máirt tháinig an reiceadóir is ní raibh fear ná garsún sa pharóiste ná raibh bailithe ann. Bhí a lán daoine ag cur isteach ar an dtalamh ach, de dheascaibh gur baile an-iargúlta é, ní raibh éinne thar paróiste ag cur isteach air. Do thóg Pádraig Ó Scanláin, deartháir Mhuiris, é mar ráinig an t-airgead aige, rud na raibh agena lán eile acu san am san.

Is é Muiris a bhí go sásta tar éis an lae. Bhí a aigne déanta suas aige chun dul go Meiriceá i gcónaí, ach níor éirigh leis go dtí seo. Nuair a tháinig an oíche bhí cuireadh tabhartha age Muiris dos na seanachomharsain go léir chun oíche chuideachtan a bheith acu i bhfochair a chéile. Bhí barraille leanna agus galún uisce beatha aige agus deirimse leat go raibh pósadh beag againn maidir le hamhráin agus le cleachta. Bhí rince ages na daoine óga leis, tamall den oíche.

Ní bheadh Muiris sásta gan glaoch ar mo mháthair. Comharsain bhéal dorais ab ea iad is ní raibh focal searbh eatarthu raimh, is dá bhrí sin is mór an léan a bhí ar mo mháthair ina dhiaidh.

‘Imigh,’ ar seisean, ‘agus glaoigh isteach ar do mháthair. Beidh cuideachta na hoíche anocht againn ach go háirithe.’

Seo liom amach, agus dar ndóigh, is uirthi a bhí na sceitimíní, an bhean bhocht. Bean ana-chleachtúil ab ea í féin, beannacht Dé lena hanam is le anamnaibh na marbh!

Nuair a tháinig sí d’fháiltigh Muiris roimpi agus do chuir sé ina suí cois na tine ar chathaoir í, is thug sé leis an crúsca uisce beatha agus do líon sé suas gloine chúichi.

‘Seo,’ ar seisean, ‘ól mo shláinte! Is í an ghloine dhéanach go deo aríst ar an dtaobh so í.’

Rug sí ar an ngloine.

‘Sid í bhur slainte go léir,’ ar sise, ‘agus go mórmhór sláinte Mhuiris, mo sheanachomharsa mhín mhacánta, nár chuir leanbh a chomharsan riamh ag gol, is ní lú ná thainig go dtí an doras riamh le feirg chúm.’

Nuair a ghaibh Muiris timpeall arís, agus an crúsca ina láimh, níor dhearmhad sé an tseanabhean. Ach, ‘om baisce, nach fada go raibh a caint ag teacht di is gur róghearr gur thóg sí suas Na Bearta Crua, is do bhí fuaim aici dá bhaint as bhuaic an tí. Is mó duine a deireadh ná raibh a sárú d’amhránaí i gCiarraí lena linn.

‘Ar mh’anam, a Mhuiris,’ arsa mise, ‘go raibh an ceart ag an bhfile nuair a dúirt sé –

            An tseanabhean a bheadh gafa ag an ngúta,

            Is í caite sa chúinne le péin,

            Nuair ólfadh sí gline thoistiúin do

            Go rincfeadh gach úill léi go réidh.

Féach mo mháthair anois is gur dhóigh le duine ná fuil má gáinne sa tsaol uirthi!’

‘Ó, sin mar a bhíonn, a chailín,’ arsa Muiris. ‘Do bhí croí mór aici mara mbeadh ceal na sláinte.’

Ansan do thosnaigh an rince fé íochtar an tí is bhí rírá agus bualadh bas againn gur gheal sé anoir ar maidin. Bhí se in am ag gach éinne a bheith ag baint a thí féin amach an uair sin. Rugas féin ar laimh ar mo mháthair, agus thógas liom í, agus do bhí smut maith den lá caite san am gur dhúisigh sé lá arna mháireach.

Fé dheireadh thainig an lá go raibh Muiris agus a mhuintir chun an slán déanach a fhágaint ag muintir an bhaile. Be nós a bhí ann san am san, gach duine beag agus mór de mhuintir an pharóiste ar fad do dhul ag tionlacan an té a bheadh ag imeacht go dtí Meiriceá. Sé an gheoin agus an fothram a dhúisigh mé ar maidin. Do bhí dul trí cheile agus fuirseadh ar gach éinne. Bhí a lán daoine muinteartha ag teacht go tigh Mhuiris an mhaidean san chun slán a ligint leis.

D’éiríos go tapaidh, mar bhí a lán nithe beaga agam féin le cur i bhfearas. Bhí m’aigne déanta suas agam anois, ón uair go raibh mo shláinte casta orm, dul in aimsir arís, dá bhfaighinn aon áit oiriúnach. Ní raibh einní le fáil age baile. Dá fhaid a fhanfainn ann ní raibh le fáil agam sa deireadh ach an bóthar. Dá bhrí sin do tuigeadh dom gurbh fhearr dhom a bheith ag tuilleamh dom fhéin ná a bheith ag brath ar éinne eile, agus rud eile a bhí sa treis, do bhí Cáit Jim ag dul go Meiriceá cois Mhuiris, agus do bhí geallta aici dhom go gcuirfeadh sí an costas chúm chomh luath agus ab fhéidir léi é; is ba mhaith an rud dom féin a bheith ag tuilleamh chun cúnamh an chostais a bheith agam nuair a thiocfadh an lá.

Níor thugas fios d’einne cad a bhí ar m’aigne, ach do bhíos ullamh chun a bheith le cois Mhuiris ‘on Daingean. Bhí gleotháil an domhain ar siúl acu i rith na maidne, duine ag gol agus duine ag gáirí. Is brónach an rud é duine a bheith ag dul go dtí Meiriceá. Is cosúil le bás é, mar is duine as an míle a fhilleann ar an dtír seo go deo. Dá bhrí sin, ní haon ionadh buairt agus míshásamh a bheith ar a muintir ina ndiaidh.

Ní raibh capall ná cóiste againn ach amháin capall agus cairt a bhí ag Jim is do bhí sí sin lan de ghiúirléidí, ach go raibh slí age Muiris, pé scéal é. Is ag siúl a bhí an chuid eile go léir.

San am go rabhamair Bóthar an Tobair suas ba dhóigh le duine gur sochraid a bhí ann. Nós é sin a bhí ag muintir Dhún Chaoin san am san – pé duine a bheadh ag dul do Meiriceá, do théidís á thionlacan go dtí an Leacht. Bhogamair linn an bóthair, cuid againn brónach agus cuid againn suáilceach, nó gur shroicheamair Mullach an Chlasaigh. Ansan a bhí an cibeal acu! Ba bhrónach an radharc é scarúint na gcarad le chéile. Bhíodar chomh scartha le chéile feasta is dá mba in uaigh a bheidís curtha, mar níor tharlaigh éinne acu ar a chéile riamh ina dhiaidh sin. An chuid acu na raibh ag dul ‘on Daingean, d’fhágadar slán ag an muintir a bhí ag imeacht is thugadar a ndrom le chéile. Thug dream acu a n-aghaidh ar an dtigh agus dream eile a n-aghaidh ar bhóthar an Daingin.

Do bhí siúl fada le déanamh againn, ach má bhí féin do bhí gasra againn le cois a chéile is níor bhraitheamair a bheith ag cur an bhóthair dínn riamh is choíche nó gur shroicheamair an Daingean. Níor dheineamair aon stad nó gur thángamar go dtí tigh an Ghealbhánaigh, mar is é a bhí ina fhear ionaid loingis tráchtála go Meiriceá san am san ann. Do bhí mórán le déanamh acu – boscaí bóthair is gach gleotháil le cur i dtreo acu fé chomhair an lae amáirigh.

D’fhanas féin ina dtreo i gcónaí is nuair a tháinig an oíche bhí a lán daoine bailithe sa tigh. Is ann a bhíodar chun fanúint go maidean. Deirimse leat go raibh cuideachta sa tigh an oíche sin. Fear deas tí dob ea an Gealbhánach is do bhí ceol agus rince agus amhráin ar siúl ann go dtí meánoíche is níor bhraitheamar an t-am ag imeacht, ach sa deireadh dúirt fear an tí go raibh sé in am dul a chodladh, mar go mbeidís ag éirí go moch ar maidin. Ansan go stopadh an ceol agus do chuaigh gach éinne i bhfeighil suain.

Ar a seacht a chlog ar maidin arna mháireach do bhí fothram ag an gcloigín dá bhualadh. Bhí gach éinne ar a dhícheall á bhfáscadh féin suas chun a bheith ullamh do bhéile na maidne; ach go deimhin ní mór a bhí ar a gcumas d’ithe ná d’ól, mar bhíodar róbhrónach.

Timpeall a deich a chlog bhíodar ullamh chun bóthair is d’fhágamair slán agena chéile. Bhí uaigneas mór orm i ndiaidh Chait Jim. Canathaobh ná beadh, mo pháirtí dílis ó bhíos im leanbh? Bhíos ag gol gan dabht, ach dúirt sí liom:

‘Na bíodh aon eagla ort, a chailín,’ ar sise, ‘má fhágann Dia mo shláinte agamsa, ní fada go gcuirfeadsa chútsa an costas. Slán leat anois,’ ar sise, agus do chrom sí féin ar ghol.

Sara raibh am agam na deora a ghlanadh óm shúile bhíodar sciobtha chun siúil as mo radharc. Dob é sin an radharc déanach a fuaireamair ar a chéile.


MS WORD