Máirtín Ó Direáin (1942-1957). These four poems portray the decline of the poet’s native island and express his sentimental bond to a lost home. Translated by Peter Sirr (2016) and Frank Sewell (2017).

Cuireadh do Mhuire

An eol duit, a Mhuire,

Cá rachair i mbliana

Ag iarraidh foscaidh

Dod leanbh Naofa,

Tráth a bhfuil gach doras

Dúnta Ina éadan

Ag fuath is uabhar

An chine dhaonna?

 

Deonaigh glacadh

Le cuireadh uaimse

Go hoileán mara

San Iarthar chianda:

Beidh coinnle geala

I ngach fuinneog lasta

Is tine mhóna

Ar theallach adhainte.

 

Nollaig 1942

 

An tEarrach Thiar

Fear ag glanadh cré

De ghimseán spáide

Sa gciúnas séimh

I mbrothall lae:

Binn an fhuaim

San Earrach thiar.

 

Fear ag caitheamh

Cliabh dá dhroim,

Is an fheamainn dhearg

Ag lonrú

I dtaitneamh gréine

Ar dhuirling bhán.

Niamhrach an radharc

San Earrach thiar.

 

Mná i locháin

In íochtar díthrá,

A gcótaí craptha,

Scáilí thíos fúthu:

Támhradharc síothach

San Earrach thiar.

 

Tollbhuillí fánna

Ag maidí rámha

Currach lán éisc

Ag teacht chun cladaigh

Ar órmhuir mhall

I ndeireadh lae

San Earrach thiar.

 

Stoite

Ár n-aithreacha bhíodh,

Is a n-aithreacha siúd,

In achrann leis an saol

Ag coraíocht leis an gcarraig loim.

 

Aiteas orthu bhíodh

Tráth ab eol dóibh

Féile chaoin na húire,

Is díocas orthu bhíodh

Ag baint ceart

De neart na ndúl.

 

Thóg an fear seo teach

Is an fear úd

Claí nó fál

A mhair ina dhiaidh

Is a choinnigh a chuimhne buan.

 

Sinne a gclann,

Is clann a gclainne,

Dúinn is éigean

Cónaí a dhéanamh

In árais ó dhaoine

A leagfadh cíos

Ar an mbraon anuas.

 

Beidh cuimhne orainn go fóill:

Beidh carnán trodán

Faoi ualach deannaigh

Inár ndiaidh in Oifig Stáit.

 

Deireadh Oileáin

Trua bheith fireann ar an uaigneas

Gan ach cian sa teach is duairceas,

Cumas gach fir ag dul chun fuaire

Ó ghlac an cian mar chéile suain.

 

Má obaid ár mná dá n-ualach,

Má thréigid cré, cloch, gach dualgas,

Dár dhual dá máithreacha a thuargadh,

A ndaoradh ní ceart i mo thuairim.

 

Má obaid fós do smacht an ghnáis,

Má éalaíd leo ó chogar cáich,

A ndaoradh arís ní cóir dá bharr,

Ní peaca bheith baineann thall.

 

Tá an saol céadra i ngach áit

Ag meath go mear gach lá,

Fir is an cian ag céadladh de ghnáth

A thuarann go luath a bhás.

 

 

 

 

 

 

 

 


MS WORD