2
Mo Chéad Turas Farraige
Chaith muid seal maith i dtigh Davy. Bhí fhios againn go mbeadh sé anonn go maith sa lá sula bhfágadh an bád Doire agus bhí sé comh réidh againn an t-am a chaitheamh ag Davy le bheith ag spaisteoireacht fríd an bhaile sin. Mhealac muid linn ansin ar neart-lá gur bhain muid cé Dhoire amach. Bhí na sluaite ansin ag dul ar an bhád chéanna – daoine as achan chearn de Dhun na nGall agus an siúl céanna fúthu uilig a bhí fúinn féin. Bhí siad ann fir agus mná, aosta agus óg, agus iad uilig ag tabhairt a n-aghaidhe ar Albain féacháil an bhfuigheadh siad obair agus beagán airgid le cosnamh a chuideodh le hiad féin agus an mhuintir a bhí siad a fhágáil ina ndiaidh a choinneáil beo. An chuid acu a bhí anonn in aois agus a fuair blas an bhaile thall cheana féin d’aithneofá nach rabh fonn mór orthu a bheith ag dul chun siúil. Thuig siad nach rabh só ná sócmhal i ndán dóibh go bpilleadh siad. Sinne nach rabh fhios againn a athrach agus a rabh an óige againn cha rabh muid ach mar bheadh ógánaigh a bheadh ag dul chun bainise.
Fuair muid ár gcuid ticéad. Cha rabh siad daor san am – dhá scilling a d’íoc mise agus bhí leathchoróinn fágtha agam. Caitheadh go leor ama ag cur bollógaí agus earraí ar bord an tsoithigh; cuireadh muid féin ar bord ansin i gcuideachta an eallaigh agus scaoileadh an bád síos Loch Feabhail. Cha mb’fhiú trácht ar chumhaidh Choluim Cille an lá a bhí sé ag fágáil na hÉireann ón chuan chéanna seo le taobh an dóigh a bhí ar chuid dá rabh ar an tsoitheach sin.
Bhí achan rud ceart go leor i dtaca le holc fhad agus a bhí muid ar an támhall ach nuair a chuaigh muid amach ar an duibheagán thosaigh an bogadach agus an rollacadh. Bhí an ghaoth aniar aduaidh san am sin i ngualainn an tsoithigh agus farraige mhaith throm ann. Siud agus gur thógadh chois farraige mé fein char chuir mé mo chos ar bhád ariamh go dtí sin. Bhí me i mo shuí thíos i dtoiseach an tsoithigh agus nuair a thosaigh an bhogadach dar liom go rabh mo cheann ag éirí éadrom agus mo ghoile ar tí tiontó orm. Cha rabh i bhfad go rabh comrádaithe go leor agam ach siud agus go rabh mé tinn go maith cha dtáinig urla ar bith orm. Bhí Dia ag amharc ar an oíche a chuir mé isteach idir thinneas agus thromas agus ag coimhéad ar dhaoine eile a bhí ní ba mheasa ná mé fein. Dáiríre bhí me aon am amháin agus ba mhaith liom dá dtéadh an long síos go tóin. Bhí mé caite ansin slaom slam agus ba chuma liom cé acu tífinn talamh nó tráigh go brách nó nach bhfeicfinn.
Bhí muid istigh ag cé Ghlascú thart fan sé a chlog ar maidin. Ba í an chéad cheist ansin cén taobh a rabh muid ag dul a thabhairt ár n-aghaidhe, cén áit a bhfuighimis rud ínteacht le déanamh ann. Bhí Conall comh haineolach agus a bhí mé féin fá na gnoithe seo, ach fhad agus a bhí muid ag fanacht ar an ché i nDoire an tráthnóna roimh ré thit muid chun seanchais le fear as na Rosa – fear breá arbh aimn dó Pádraig Ó Baoill. Bhí sé meánaosta agus d’aithin muid ar an éideadh a bhí air gur ag pilleadh anonn a bhí sé. Chuir muid caint air agus dúirt sé linn go rabh sé ag obair in oibreacha móra an iarainn i gCoatbridge leis na blianta agus go rabh sé breá sásta ansin. I Lanarkshire atá Coatbridge, tuairim ar naoi nó deich de mhílte soir ó Ghlaschú. Thóg comhlacht Baird na Gartsherrie Iron Works ansin agus ar feadh blianta ba iad sin na hoibreacha iarainn ab ainmniúla sna trí ríochtaí. Cha rabh a dhath dá dtiocfadh leat a ainmniú ón tairne go dtí an t-ancaire mór nach rabh ag teacht as a gcuid sorn, ach má bhí, bhí allas á chailleadh ina gcuid monarchana. Bhí an obair maslach agus na huaireannaí fada ach b’fhearr é ná leath do shaoil a chaitheamh ar an ‘tramp’ ag cuartú oibre fríd na Lothians agus ó sin go crích na Sasan.
‘An mbeadh seans ar bith againne rud ínteacht a fháil le déanamh ann?’ arsa mise leis an Bhaollach, ‘dá dtéimis suas?’
‘Bhail, cha dtig liomsa freagar dhíreach a thabhairt ar do cheist,’ ar seisean, ‘ach tá mé breá mór leis an fhear a bhfuil cúram na n-oibríonnaí air agus má théid sibh an bealach labharfaidh me leis ar bhur son.’
3
Soir go Coatbridge
Nuair a d’fhág achan duine an bád maidin an lae a bhain muid Glascú amach, d’imigh an Baollach leis agus chan fhaca muid é ní ba mhó an iarraidh sin. Chuaigh sinn féin suas an baile agus chaith muid seal ag amharc thart. Chonaic muid brioscaí á ndíol i siopa ansin ar leithphingin an ceann a rabh sáith fear ar bith iontu. Cheannaigh muid cupla ceann an fear acu sin agus chuir inár bpócaí iad. Chuir muid ár gcomhairle i gcionn a chéile ansin agus shocraigh muid gur ar Coatbridge ab fhearr dúinn tarraingt. Bhí sé lan luath go fóill le dhul a dh’obair ar na feirmeacha agus smaointigh muid go mb’fhéidir go bhfuighimis rud ínteacht eile le dhéanamh go mbeadh lár an tsamhraidh ann.
Chuir muid tuairisc an bhealaigh, tugadh sin dúinn agus lig muid linn. Cha rabh eolas ag ceachtar againn ar an tír agus cha rabh fhios againn san am cé acu fada nó gairid an turas a bhí romhainn. Bhí rud amháin a bhí ag cur imní orm féin. Chluininn na seandaoine a bhí anonn is anall go hAlbain blianta roimhe seo ag trácht ar bhaile bheag a dtéadh siad fríd nuair a bhíodh said ag tarraingt ar an fhómhar – baile a dtugadh siad Armadale air. Sna laetha sin chaitheadh muintir na háite s’againne brístí agus scaoilteofaí móra de bháinín baile agus cha rabh áit ar bith a dtéadh siad nach mbíodh fhios gurbh iad a bhí ann. Cibé fuath a bhí ag bunadh an bhaile sin orthu, is cosúil go dtosnaíodh siad a chaitheamh buidéal agus cloch orthu achan am a bhfeiceadh siad iad. Chaitheadh na fir s’againne san am sin a gcuid corrán a bheith anonn leo agus bhíodh súgán casta thart ar an lann acu ar eagla go ndéanfadh siad dochar ar bith léi; ach nuair a bhíodh siad ag tarraingt ar an bhaile seo bhaineadh siad na súgáin de na corráin sa dóigh a mbeadh siad réidh le troid dá ndéanfadh scaimhearaithe an bhaile ionsaí orthu. Bhí eagla ormsa go mbeadh orainne a dhul fríd an bhaile sin ach, ádhmharach go leor, cha rabh – bhí sé ní b’fhaide soir.
Cha rabh fhios againne sin san am, ar ndóigh, agus shiúil muid linn go faichilleach. Bhí seanbhróga orainn agus leoga cha rabh cleachtadh mór againn orthu agus ba ghairid go deachaigh siad a mhilleadh na gcos againn. Cha dearn muid ach suí síos ar ghruaibhín an bhealaigh mhóir agus iad a stealladh dínn. Chaith muid trasna ar ár nguailleacha iad ansin agus threabhaigh linn costarnocht. Dálta na mban a mbíodh na bróga ar iompar leo fad ó shin nuair a bhíodh siad ag tarraingt ar Aifreann an Domhnaigh agus a chuireadh orthu iad ag Droicheadh na Caillí taobh amuigh de Ghort an Choirce, shuigh muid síos gur chuir muid orainn ar ais iad taobh amuigh de bhaile mhór Coatbridge. D’ith muid na brioscaí a cheannaigh muid sa tsíopa, agus nuair a bhí sin déanta againn tharraing muid ar an bhaile mhór agus ar oibreacha an iarainn. Bhí cuid mhór i gceart fear le feiceáil ansin agus cuma orthu uilig a bheith an-ghnoitheach. Chuir muid tuairisc an Bhaollaigh agus thug stócach beag fhad leis sinn. Bhí sé ina chraiceann, féadaim a rá, ag stealladh mianaigh comh tiubh agus a tháinig leis isteach i gceann de na soirn. Nuair a chonaic mé é ansin báite ina chuid allais, dar liom dá bhfaighinnse obair mar sin féin, cha bheinn ábalta a seasamh i bhfad.
D’aithin an Baollach muid in áit na mbonn, scairt sé ar fhear eile a bhí ina sheasamh ann agus d’iarr sé air a áit a líonadh fhad is a bheadh sé ag labhairt linne. Bhí fhios aige go maith, ar ndóigh, caidé an siúl a rabh muid ann. Thug sé leis sinn araon isteach in oifig bheag a bhí ann agus d’inis sé don fhear a bhí istigh ansin gur stócaigh sinn a bhí ar lorg oibre – cairde dó féin – agus dá dtigeadh leis rud ínteacht a thabhairt dúinn le déanamh go mbeadh sé an-bhuíoch dó. Chuir an fear ceist orainn cárbh aois muid agus nuair a d’inis muid dó, ar seisean:
‘Tá sibh óg, ach mar sin fein b’fhéidir go dtiocfaidh liom rud ínteacht a fháil díbh le déanamh.’
D’fhág an Baollach muid ansin agus dúirt go bhfeicfeadh sé muid in am stad. Thug fear na hoifige leis muidinne agus d’iarr ar fhear eile dhá bhara a fháil dúinn.
‘Anois,’ ar seisean, ‘siúlaigí liomsa.’
Shiúil, agus thug sé muid ár mbeirt chuig áit a rabh cruach mhianaigh a bhí comh hard leis an Eargal.
‘Anois,’ ar seisean, ‘má tá foinn oibre oraibh tig libh a dhul a thiomáint an mhianaigh sin fhad leis an tsorn sin thall. Gheobhaidh sibh deich scilling sa tseachtain ó Luan go Satharn. Tig libh bhur gcomhairle féin a dhéanamh anois ach mura dtaitníonn sin libh níl neart agamsa oraibh.’
D’amharc fear againn ar an fhear eile agus ba é an smaointiú a rinne muid glacadh leis an obair seo. Chuaigh muid araon i gcionn na mbaraí. Cha rabh lóistín ná rud ar bith socraithe againn ach bhí fhios againn nach ligfeadh an Baollach dúinn codladh amuigh. Nuair a tháinig am scaoilte casadh orainn é agus d’fhiafraigh muid de an dtiocfadh leis ár seoladh in áit ar bith a bhfuighimis lóistín. Dúirt sé go dtiocfadh. Thug sé an bheirt againn leis agus d’fhág sé sinn socraithe síos ag bean as Anagaire a choinníodh lóisteoirí ar an bhaile. Bhí an báire linn ansin: bhí obair againn agus greim le hithe agus leabaidh le sinn féin a shíneadh inti. Leoga cha rabh ár leabaidh deacair a chóiriú an oíche sin agus b’orainn a bhí an lúcháir nuair a shín muid ár gcnámha inti – an chéad oíche in Albain agus ár gcéad lá páighe saothraithe againn mar ‘fhir fásta’ ag treabhadh as ár ruball féin.
D’oibir muid linn ag tiomáint an mhianaigh ach cha rabh rún ar bith againn fanacht sa mhonarchain seo. Bhí muid ag feitheamh go cruaidh ar mhí Mheáin an tSamhraidh. Bhí fhios againn go mbíodh na fir a théadh anonn a thanú na dturnapaí ag dréim a bheith thuas fá Bherwickshire i dtrátha an dóú lá fichead den mhí Mheáin. Ba é sin an t-am a mbíodh siad ag dúil go mbeadh obair le fáil acu ag tanú. Thigeadh corrbhliain ceart go leor nach mbíodh na turnapaí réidh san am sin agus d’fhágadh sin seachtain chruaidh nó níos mó ag na creatúir a bhíodh ag feitheamh ar an obair. Bhíos mórán den obair déanta fá bhaile ag na fir seo sula n-imíodh siad – an dubhobair ar aon chaoi. Bhíodh an barr ar bhealach mhaith acu agus an mhóin bainte. Chaithfeadh na mná agus na paistí an chuid eile a dhéanamh nuair a bhíodh siadsan ar shiúl. Ach bhí mná thart sa pharóiste s’againne san am sin a d’oibreadh fear ar bith agus cha rabh obair ar bith nach dtáinig le cuid acu a dhéanamh – fiú tuí a chur ar theach.
5
Bonnington Farm
Ba ghnách le cuid den mhuintir s’againne blianta roimhe seo oibriú ar fheirm a dtugadh said Bonnington Farm uirthi agus nuair a bhí mé féin agus Conall ag tarraingt ar Dhún Báirr shocraigh muid go rachaimis ar thuairisc na háite sin. Rinne muid sin agus gan trioblóid ar bith d’éirigh linn a baint amach. Cha rabh an gabháltas comh mór leis na cinn a bhí thart air. Tuairim ar shé chéad acaire a bhí ann agus mura bhfuil meath mór ar mo chuimhne, sílim gur Young ab ainm don fhear ar leis é. Labhair sé linn go hiontach carthanach, ach cá bith mar bhí Béarla an Lagáin cha dtuigfeadh an mac mallacht an teanga a bhí aige seo. D’éirigh linn a inse dó ar scor ar bith caidé bhí ag cur bhuartha orainn.
‘Bhail,’ adeir sé (agus tá mé ag cur mo chanúna féin ar an rud a thuig mé uaidh), ‘tá an t-ádh oraibh. Tá mo chuid turnapaí réidh le tanú lá ar bith acu seo agus bhí mé go díreach ag feitheamh ar chuid de mhuintir na tíre s’agaibhse a theacht an bealach go gcuirinn ar obair iad. Siúlaigí libh síos anseo go dtaispeána mé an bhotaí díbh.’
Chuaigh sinne síos leis. Bhain sé an glas den doras agus bhí Dia féin ag amharc ar an áras a bhí ansin romhainn. Bhí seanleabaidh thuas i gcoirnéal na bothóige a rabh gráinnín cocháin caite inti agus dornán de shaic gharbha air sin. Ba í sin an leabaidh a bheadh againne. Bhí conamar guail caite sa chlúdaigh eile.
‘Creidim, a bhuachaillí,’ aras an máistir linn féin, ‘go bhfuil ocras oraibh anois i ndiaidh an tsiúil.’
‘Bhail, níl muid saor,’ arsa sinne as béal a chéile.
‘Tá go maith,’ ar seisean, ‘rachaidh mé suas chun tí agus bhéarfaidh mé rud ínteacht chugaibh a íosfas sibh. Ó sin amach, tig libh amharc ‘bhur ndiaidh féin.’
D’imigh sé leis agus chan fhada uilig a bhí sé ar shiúl gur phill sé agus dornán mine coirce agus dhá bhabhal agus braon bainne leis.
‘Anois,’ a deir sé, ‘tig libh an bainne a mheascadh leis an mhin coirce agus bróis a dhéanamh de. Dhéanfaidh sin cúis díbh go bhfaighidh sibh féin rud ínteacht. Féadfaidh sibh a dhul amach i gcionn na dturnapaí ar maidin amárach.’
D’fhág sé ansin muid.
Char chuala sinne trácht ar an bhróis Albanach udaí go dtí seo. Chuala muid fán cháfraith agus fá mhórán cineál eile bróiseanna a níodh siad fá bhaile ach chan fhaca muid an mhin choirce fhuar ariamh á meascadh leis an bhainne agus cha rabh fonn mór orainn an phroinn seo a ithe. Bhí cupla briosca go fóill linn inár bpóca agus d’ith muid iad leis an bhainne fhuar. D’amharc muid fá dtaobh dínn ansin, ghlan muid suas an bhotaí comh maith agus a tháinig linn agus chóirigh muid sórt leapa dúinn féin. D’imigh muid amach ansin ar lorg siopa. Chuartaigh muid linn go dtáinig muid ar cheann fá dheireadh tuairim ar chupla míle uainn. Cheannaigh muid giota aráin ansin agus bhí focal an mháistir againn go bhfuighimis ár sáith bainne sa teach mhór. Fuair.
Chuaigh muid fá chónaí go luath an oíche sin. Bhí muid tuirseach agus bhí fhios againn go gcaithfimis a bheith ar ár gcois leis an scarthanaigh. B’fhíor é. I dtrátha a sé a chlog maidin lá thar na mhárach, agus muid inár gcodladh, buaileadh straiméid an fhuinneoig agus chuir fear amuigh guldar as go raibh an t-am againn a bheith ag bogadaigh má bhí rún againn a dhul i gcionn oibre. Chaith orainn ansin agus nuair a d’ith muid giota aráin mar shnathadh leis an bhainne a tugadh dúinn chuaigh muid amach. Bhí an báillí ina sheasamh ansin ag fanacht linn agus thug sé leis chun na páirce sinn. Bhí sin ann páirc bhreá. Measaim gan bhréig gan áibhéil go rabh céad acaire faoi thurnapaí inti. Cuireadh isteach ina cionn sin muid. Leoga cha rabh mórán cleachtaithe againn ar an tanú ach char dheacair foghlaim. Dhá scilling an t-acaire a bhí as an obair sin agus níl feidhm domh a rá go mbeadh stócaigh nach rabh ach ag tosú tamall fada ag déanamh a bhfortúin uirthi.
D’oibir muid linn mar sin agus cha rabh i bhfad go rabh muintir Chloch Cheannfhaola ag teacht ina sluaite. Cha rabh de dhíobháil san áit a rabh sinne ach beirt eile go dtí an fómhar. Fuair an chéad bheirt a tháinig an obair – Séamas Ó Gallchobhair agus Micí Mac Suibhne. Bhí seanaithne ag an mháistir orthu agus ar ndóigh bhí aithne againn féin orthu. Tá an bheirt ar shlua na marbh leis na blianta. Bhí Séamas mórán de shé troithe go leith ar airde agus fear an-ghreannmhar a bhí ann. Nuair a chonaic sé na saic ar an leabaidh a rabh sé ag dul a luí inti chuaigh sé ar an daoraigh. Tharraing sé ar an teach mhór gur iarr sé plaincéid agus chan é amháin go bhfuair sé cupla seancheann dúinne fosta. Nuair a d’éirigh sé ar maidin lá thar na mhárach chuir mé ceist air caidé mar chodail sé an oíche sin.
‘Char chodail mé chor ar bith,’ arsa Séamas.
‘Caidé ba chiall duit?’ arsa mise.
‘Ó tá’ ar seisean, ‘bhí mo phlaincéad róghairid, ach seal mise a theacht isteach anocht dhéanfaidh mé fada go leor é.’
Nuair a bhí an lá istigh agus tháinig muid isteach ar ais chun na botaí, shuigh Séamas síos gur chaith sé toit agus go dearn sé a scíste. Nuair a bhí sin déanta aige tharraing sé ar an leabaidh agus thóg leis an plaincéad amach a chois na tineadh. Tharraing sé scian phóca amach agus chuir sé scor i lár an phlaincéid. Rug sé air ansin agus rois sé é ó bhun go barr. Bhí snáthad agus snáithe aige fosta – mar a bhíodh ag na seanlámha uilig a bhíodh anonn is anall go hAlbain. Cha bhíodh móran éadaí leo agus nuair a strócadh siad ball chaithfeadh siad dóigh a bheith orthu paiste nó greim a chur. Bhíodh na comhgair i gcónaí leo. Thug Séamas dhá leath an phlaincéid do chéile ar scor ar bith agus bhí sé fada go leor aige an oíche sin.